Fógraíonn an Coimisiún gur cuireadh clabhsúr le himscrúdú ar úsáid teicneolaíochta aghaidh-mheaitseála ag an Roinn Coimirce Sóisialaí i dtaca leis an gCárta Seirbhísí Poiblí

12th Mí Meitheamh 2025

Inniu, d’fhógair an Coimisiún um Chosaint Sonraí (an Coimisiún) an cinneadh críochnaitheach uaidh tar éis clabhsúr a chur le fiosrúchán ar an Roinn Coimirce Sóisialaí (an Roinn). Tosaíodh an fiosrúchán sin i mí Iúil 2021, agus scrúdaíodh ann an phróiseáil a bhí á déanamh ag an Roinn ar theimpléid bhithmhéadracha aghaidhe agus ar an úsáid a bhí á baint ag an Roinn as teicneolaíochtaí gaolmhara aghaidh-mheaitseála, mar chuid den phróiseas clárúcháin don Chárta Seirbhísí Poiblí. Tugtar “clárú SAFE 2” ar an bpróiseas sin.

 

Cúlra

Tháinig an fiosrúchán seo sna sála ar fhiosrúchán ar leith a rinne an Coimisiún roimhe sin ar ghnéithe áirithe den phróiseáil a bhí á déanamh ag an Roinn i dtaca le Cártaí Seirbhísí Poiblí a eisiúint. Cuireadh an fiosrúchán sin i gcrích sa bhliain 2019. Ba trí achomharc a dhéanamh chuig an gCúirt Chuarda ar dtús a thionscain an Roinn imeachtaí dlí in aghaidh an chinnidh ón gCoimisiún san fhiosrúchán sin. Tarraingíodh an t-achomharc sin siar ar deireadh. Foilsíodh comhaontú comhpháirteach idir an Coimisiún agus an Roinn i mí na Nollag 2021, mar aon leis an tuarascáil imscrúdaithe deiridh ón bhfiosrúchán sin.

Luadh sa tuarascáil imscrúdaithe deiridh go ndéileálfadh an Coimisiún ar leithligh le próiseáil sonraí pearsanta, sonraí bithmhéadracha san áireamh, ag an Roinn i ndáil le clárú SAFE 2. Is é cinneadh an lae inniu an toradh deiridh ar an bpróiseas fiosrúcháin ar leith sin.

 

An réasúnaíocht is bun leis an bhfiosrúchán

Tá clárú SAFE 2 éigeantach d’aon duine atá ag iarraidh iarratas a dhéanamh ar Chárta Seirbhísí Poiblí. Ní fhéadfaidh daoine nach ngéilleann don phróiseáil sin rochtain a fháil ar sheirbhísí na Roinne, lena n-áirítear íocaíochtaí leasa. Mar thoradh ar chlárú SAFE 2 a chur i bhfeidhm, tá an Roinn ag gabháil do bhailiú, stóráil agus próiseáil leanúnach sonraí pearsanta an-íogair ar mhórscála, lena n-áirítear sonraí bithmhéadracha ina bhfuil teimpléid aghaidhe. Faoi RGCS, tá sonraí bithmhéadracha catagóirithe mar shonraí catagóire speisialta nach mór cosaintí agus coimircí níos airde a chur i bhfeidhm ina leith. Shealbhaigh an Roinn teimpléid bhithmhéadracha aghaidhe i ndáil le 70% de dhaonra an Stáit sa bhliain 2021.

Is é atá i gceist leis an teicneolaíocht aghaidh-mheaitseála a úsáideann an Roinn ná sonraí bithmhéadracha a chruthú a bhaineann le sciar an-suntasach den daonra. Is gá údar beacht dlíthiúil a bheith leis an bpróiseáil sin mar gheall ar scála na próiseála agus ar a cineál ionsáiteach. In imthosca den sórt sin, bunaítear sa chásdlí Eorpach gur gá reachtaíocht atá beacht agus intuartha a bheith ann chun cosaint a chinntiú ar chur isteach treallach ar na cearta atá ag daoine aonair. 

I bhfianaise an mhéid thuas, tá sé ríthábhachtach go mbeadh clárú SAFE 2 bunaithe ar bhunús dlí atá sách soiléir agus beacht agus lena bhforáiltear do rialacha agus coimircí nithiúla lena rialaítear cineál na bunphróiseála sonraí bithmhéadracha agus na socruithe sonracha don bhunphróiseáil sin, beag beann ar na cuspóirí beartais phoiblí agus ar na tairbhí atá le baint amach.

 

Raon feidhme an fhiosrúcháin

Bhain raon feidhme an fhiosrúcháin le scrúdú agus measúnú a dhéanamh ar na nithe seo a leanas:

  1. Cé acu a bhí nó nach raibh bunús dleathach ag an Roinn le haghaidh sonraí bithmhéadracha a bhailiú chun aghaidh-mheaitseáil a dhéanamh mar chuid de chlárú SAFE 2;
  2. Cé acu a bhí nó nach raibh bunús dleathach ag an Roinn le haghaidh sonraí bithmhéadracha a bailíodh mar chuid de chlárú SAFE 2 a choinneáil;
  3. Cé acu a chomhlíon nó nár chomhlíon an Roinn a hoibleagáidí trédhearcachta i leith ábhair sonraí a bhí ag dul faoi chlárú SAFE 2; agus
  4. Cé acu a rinne nó nach ndearna an Roinn Measúnú Tionchair leordhóthanach ar Chosaint Sonraí mar chuid de chlárú SAFE 2.

 

Cinntí

Tagtar ar na conclúidí seo a leanas sa chinneadh ón gCoimisiún, rud a rinne an Coimisinéir Dale Sunderland agus a cuireadh in iúl don Roinn an tseachtain seo:

  • Sháraigh an Roinn Airteagail 5(1)(a), 6(1), agus 9(1) RGCS nuair a mhainnigh sí bunús dleathach bailí a shainaithint le haghaidh sonraí bithmhéadracha a bhailiú i dtaca le clárú SAFE 2 tráth an fhiosrúcháin;
  • Ag féachaint don chinneadh roimhe, sháraigh an Roinn Airteagal 5(1)(e) RGCS nuair a choinnigh sí sonraí bithmhéadracha a bailíodh mar chuid de chlárú SAFE 2;
  • Sháraigh an Roinn Airteagal 13(1)(c) agus 13(2)(a) RGCS nuair a mhainnigh sí faisnéis a bhí sách trédhearcach a chur i bhfeidhm d’ábhair sonraí a mhéid a bhaineann le clárú SAFE 2; agus
  • Sháraigh an Roinn Airteagal 35(7)(b) agus (c) RGCS nuair a mhainnigh sí mionsonraí áirithe a chur ar áireamh sa Mheasúnú Tionchair ar Chosaint Sonraí a rinne sí i ndáil le clárú SAFE 2.

 

Na Cumhachtaí Ceartaitheacha a Feidhmíodh

I bhfianaise na sáruithe atá sainaitheanta thuas, (1) thug an Coimisiún iomardú don Roinn, (2) d’eisigh an Coimisiún fíneálacha riaracháin dar luach iomlán €550,000 chuig an Roinn, agus (3) d’eisigh an Coimisiún ordú chuig an Roinn á cheangal uirthi scor de shonraí bithmhéadracha a phróiseáil i dtaca le clárú SAFE 2 laistigh de naoi mí ón gcinneadh seo mura féidir leis an Roinn aon bhunús dleathach bailí a shainaithint.

 

Dúirt Graham Doyle, Leas-Choimisinéir:

“Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara nach le cur i bhfeidhm chlárú SAFE 2 ag an Roinn mar phrionsabal a bhaineann aon cheann de na sáruithe a shainaithin an Roinn ná aon cheann de na cumhachtaí ceartaitheacha a d’fheidhmigh sé. Níor tháinig an Coimisiún ar aon fhianaise ar bhearta neamh-leordhóthanacha slándála teicniúla agus eagraíochtúla a bheith á n-imscaradh ag an Roinn i dtaca le clárú SAFE 2 i gcomhthéacs an fhiosrúcháin seo.

Bhain an fiosrúchán seo le measúnú a dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil an creat reachtach atá i bhfeidhm do chlárú SAFE 2 faoi láthair ag teacht le ceanglais an dlí cosanta sonraí agus cé acu a oibríonn nó nach n-oibríonn an Roinn clárú SAFE 2 ar bhealach atá comhlíontach ó thaobh cosaint sonraí de, agus sainaithnítear sna cinntí atá á bhfógairt inniu roinnt easnamh ina leith sin.”

 

Foilseoidh an Coimisiún an cinneadh iomlán agus faisnéis ghaolmhar eile in am trátha.