Fiosrúcháin reachtúla an Choimisiúin um Chosaint Sonraí maidir sonraí pearsanta leanaí á bpróiseáil ag Facebook ar Instagram (a osclaíodh i Meán Fómhair 2020)

19th Mí Deireadh Fomhair 2020

Tá cearta cosanta sonraí leanaí ar cheann de na réimsí a bhfuil tábhacht mhór ag baint leis don Choimisiúin um Chosaint Sonraí (“DPC”).  Tá líon ollmhór leanaí gníomhach ar bhonn níos coitianta anois ar na meáin shóisialta i saol digiteach an lae inniu agus tá sé ríthábhachtach go mbeadh a gcuid oibleagáidí maidir le cosaint sonraí á gcomhlíonadh ag rialaitheoirí sonraí faoin GDPR agus faoin Acht um Chosaint Sonraí 2018 maidir le sonraí pearsanta leanaí a phróiseáil ar a gcuid ardán. Is ardán meán sóisialta é Instagram agus úsáideann leanaí in Éirinn agus ar fud na hEorpa go coitianta é. Tá monatóireacht á déanamh ag an DPC ar bhonn gníomhach ar ghearáin a fuarthas ó dhaoine aonair maidir leis an réimse seo agus tá ábhair aitheanta acu, a dteastaíonn iad a scrúdú tuilleadh, a d'fhéadfadh imní a bheith i gceist leo maidir le sonraí pearsanta leanaí ar Instagram a phróiseáil. Is é Facebook Ireland Limited (“Facebook”) úinéir Instagram agus is é a sholáthraíonn an t-ardán. Is é Facebook rialaitheoir sonraí na sonraí pearsanta a phróiseáiltear tríd Instagram.

Fiosrúchán Uimhir 1

Déanfar spleáchas Facebook ar bhunúis dlí áirithe a mheas maidir le sonraí pearsanta leanaí a phróiseáil ar an ardán Instagram leis an bhFiosrúchán seo. Beidh sé i gceist ag an DPC a dhéanamh amach an bhfuil nó nach bhfuil bunús dlí ag Facebook chun sonraí pearsanta leanaí a phróiseáil ar bhonn leanúnach agus cibé an gcuireann Facebook cosaintí agus nó srianta leordhóthanacha i bhfeidhm ar ardán Instagram do leanaí mar iad nó nach gcuireann. Déanfar cibé an gcomhlíonann Facebook a oibleagáidí mar rialaitheoir sonraí i ndáil le riachtanais trédhearcachta maidir le Instagram a sholáthar do leanaí nó nach gcomhlíonann leis an bhFiosrúchán seo.

Fiosrúchán Uimhir 2

Díreofar ar phróifíl agus ar shocruithe cuntais Instagram agus ar fheiliúnacht na socruithe seo do leanaí leis an bhFiosrúchán seo. I measc ábhair eile déanfar comhlíonadh Facebook leis na rialacháin sa GDPR maidir le Cosaint Sonraí a Cheaptar agus a Réamhshocraítear a scrúdú leis an bhFiosrúchán seo agus go háirithe mar a bhaineann sé leis an bhfreagracht atá ar Facebook cearta cosanta sonraí leanaí mar dhaoine leochaileacha a chosaint.