Fíneáil an Choimisiúin um Chosaint Sonraí ar Tusla An Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach Dearbhaithe sa Chúirt

04th Mí na Samhna 2020

Dearbhaíodh cinneadh an Choimisiúin um Chosaint Sonraí fíneáil a ghearradh ar Tusla An Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach i gCúirt Chuarda Bhaile Átha Cliath inniu. Rinneadh an t-iarratas chun an cinneadh, an fíneáil riaracháin €75,000 a ghearradh, a dhearbhú de bhun Alt 143 den Acht um Chosaint Sonraí 2018. Is é seo an chéad uair a eisíodh fíneáil in Éirinn faoin GDPR i ndiaidh fiosrúchán reachtúil agus is é seo an chéad iarratas faoi Alt 143.

Cuireadh tús leis an bhfiosrúchán maidir le trí shárú ar shonraí pearsanta a chuir Tusla in iúl don DPC. Tharla an trí shárú ar shonraí pearsanta ar fad i gcásanna inar theip ar Tusla sonraí pearsanta a fholú agus iad ag soláthar doiciméid do thríú páirtithe.  Tharla an chéad sárú ar shonraí pearsanta nuair a sholáthair Tusla, de thimpiste, seoladh cúramóra altrama d’athair bheirt leanaí bhí i gcúram.  Tharla an dara sárú ar shonraí pearsanta nuair a sholáthair Tusla, de thimpiste, seoladh an linbh a rinne an gearán do dhuine aonair a raibh mí-úsáid ghnéis ar an leanbh curtha ina leith agus uimhir theileafóin a máthar.  Tharla an tríú sárú ar shonraí pearsanta nuair a sholáthair Tusla, de thimpiste, seoladh agus mionsonraí teagmhála tuismitheoirí altrama do sheanmháthair linbh a bhí faoi chúram chomh maith le seoladh scoil an linbh.

Cinneadh

  • De réir an chinnidh, sháraigh Tusla Airteagal 32(1) den GDPR nuair nár cuireadh bearta eagraíochtúla cuí i bhfeidhm chun leibhéal slándála cuí a chinntiú i leith an riosca a chuir a cuid oibríochta próiseála maidir le litreacha cosanta i láthair maidir le doiciméid a chomhroinnt le tríú páirtithe.
  • De réir an chinnidh freisin, sháraigh Tusla Airteagal 33(1) de GDPR mar gheall nár chuir sí an tríú sárú in iúl don DPC gan mhoill mhíchuí.

Cumhachtaí Ceartaitheacha

  • Forchuir an DPC fíneáil riaracháin €75,000 ar Tusla mar gheall ar sháruithe ar Airteagal 32(1) agus Airteagal 33(1).
  • Thug an DPC ordú do Tusla oibríochtaí próiseála a cuid sonraí pearsanta a chur ar bhonn comhlíonta le hAirteagal 32(1) de GDPR trí bhearta eagraíochtúla cuí a chur i bhfeidhm le leibhéal slándála cuí i leith an riosca a chinntiú.
  • D'eisigh an DPC iomarduithe maidir le sáruithe Airteagal 32(1) agus Airteagal 33(1) den GDPR do Tusla.