Fáiltíonn an Coimisiún um Chosaint Sonraí roimh an gcomhaontú a fuarthas ó X an phróiseáil a bhí á déanamh aige ar shonraí pearsanta chun an uirlis intleachta saorga darb ainm ‘Grok’ a oiliúint a fhionraí.

08th Mí Lúnasa 2024

Fáiltíonn an Coimisiún um Chosaint Sonraí (an Coimisiún) roimh an gcomhaontú a fuarthas ó X an phróiseáil a bhí á déanamh aige ar na sonraí pearsanta atá i bpostálacha poiblí de chuid úsáideoirí X san Aontas Eorpach/sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch a fhionraí, ar shonraí iad a ndearna sé próiseáil orthu idir an 7 Bealtaine 2024 agus an 1 Lúnasa 2024 chun ‘Grok’, an uirlis intleachta saorga uaidh, a oiliúint.  Tugadh an comhaontú i gcrích i bhfianaise iarratas práinneach a rinne an Coimisiún chun na hArd-Chúirte faoi alt 134 den Acht um Chosaint Sonraí, 2018. Rinneadh an t-iarratas os comhair an Bhreithimh Onóraigh Reynolds, a thug le fios sna barúlacha deiridh uaithi go raibh na cearta agus na saoirsí atá ag ábhair sonraí ar fud an Aontais Eorpaigh/an Limistéar Eorpaigh Eacnamaíoch i gcroílár an iarratais.

Ba é sin an chéad uair riamh a rinne aon Phríomhúdarás Maoirseachta ar bith gníomhaíocht den sórt sin. Ba é freisin an chéad uair riamh a d’fhéach an Coimisiún le leas a bhaint as a chuid cumhachtaí faoi alt 134.  Rinneadh an t-iarratas chun na cearta agus na saoirsí atá ag úsáideoirí X san Aontas Eorpach/sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch a chosaint, agus tháinig sé sna sála ar chaidreamh fairsing idir an Coimisiún agus X maidir leis an tSamhail Intleachta Saorga uaidh a oiliúint. 

Ag labhairt dó faoi chinneadh an lae inniu, dúirt an Dr Des Hogan, an Coimisinéir (Cathaoirleach):

“In éineacht le Dale Sunderland, an Coimisinéir eile, fáiltím roimh an gcomhaontú a fuarthas ó X próiseáil a fhionraí fad a dhéanfaidh an Coimisiún, i gcomhar lenár gcomhrialálaithe san Aontas Eorpach/sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, scrúdú ar a mhéid a chomhlíonann an phróiseáil an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí. Ceann amháin de na príomhróil atá againn mar rialálaí neamhspleách agus mar eagraíocht atá bunaithe ar chearta is ea an toradh is fearr a chinntiú d’ábhair sonraí. A bhuí le forbairtí an lae inniu, cabhrófar linn leanúint leis na cearta agus na saoirsí atá ag úsáideoirí X ar fud an Aontais Eorpaigh agus an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch a chosaint. Leanfaimid le dul i dteagmháil le gach rialaitheoir sonraí chun a chinntiú go seasfar leis na cearta atá ag ár saoránaigh faoi Chairt an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha agus faoin Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí.”

CRÍOCH

NÓTAÍ D’EAGARTHÓIRÍ

Foráiltear le halt 134 den Acht um Chosaint Sonraí, 2018, go bhféadfaidh an Coimisiún, i gcás go measfaidh sé go bhfuil gá práinneach le gníomhú d’fhonn cearta agus saoirsí ábhar sonraí a chosaint, iarratas a dhéanamh chun na hArd-Chúirte ar ordú lena gceanglófar ar an rialaitheoir sonraí an phróiseáil sonraí pearsanta a fhionraí, a shrianadh nó a thoirmeasc.