Fáiltíonn an Coimisiún um Chosaint Sonraí roimh chríochnú na n-imeachtaí a bhaineann le ‘Grok’, uirlis intleachta saorga X

04th Mí Meán Fomhair 2024

Tá áthas ar an gCoimisiún um Chosaint Sonraí a fhógairt gur críochnaíodh na himeachtaí a thionscain sé os comhair Ard-Chúirt na hÉireann an 8 Lúnasa 2024. Bhí an ní os comhair na Cúirte arís ar maidin, agus scriosadh amach na himeachtaí tar éis do X a chomhaontú leanúint le cloí go buan le téarmaí an ghealltanais (Ráiteas ón gCoimisiún dar dáta an 8 Lúnasa 2024).

Ba in imthosca práinneacha a rinneadh an t-iarratas, mar gheall ar na hábhair imní thromchúiseacha a bhí ag an gCoimisiún gur tháinig riosca do chearta agus saoirsí bunúsacha daoine aonair as an bpróiseáil a bhí á déanamh ar na sonraí pearsanta atá i bpostálacha poiblí de chuid úsáideoirí X san Aontas Eorpach/sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch chun ‘Grok’ a oiliúint[1]. Ba é sin an chéad uair riamh a rinne an Coimisiún, mar Phríomhúdarás Maoirseachta ar fud an Aontais Eorpaigh/an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch, gníomhaíocht den sórt sin, agus é ag baint leas as a chuid cumhachtaí faoi alt 134 den Acht um Chosaint Sonraí, 2018[2].

Ag labhairt dó faoi chríochnú na n-imeachtaí inniu, dúirt Des Hogan, an Coimisinéir (Cathaoirleach): “Fáiltíonn an Coimisiún roimh thoradh an lae inniu, lena gcosnaítear na cearta atá ag saoránaigh an Aontais Eorpaigh/an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch. Tá an ghníomhaíocht seo mar fhianaise eile ar an tiomantas atá ag an gCoimisiún gníomhaíocht chuí a dhéanamh i gcomhar lena chomhrialálaithe Eorpacha, nuair is gá. Táimid buíoch den Chúirt as breithniú a dhéanamh ar an ní”.

Tá an Coimisiún ag tabhairt aghaidh ar fhadhbanna atá ag teacht as sonraí pearsanta a úsáid i samhlacha intleachta saorga ar fud an tionscail i gcoitinne. Inniu, déanfaidh an Coimisiún iarraidh chuig an mBord Eorpach um Chosaint Sonraí ar thuairim de bhun Airteagal 64(2) RGCS[3]. Déanfar an iarraidh chun díospóireacht a spreagadh agus chun comhaontú a éascú, ar leibhéal an Bhoird Eorpaigh um Chosaint Sonraí, ar roinnt de na croífhadhbanna a thagann chun cinn le linn próiseáil a dhéanamh chun samhail intleachta saorga a fhorbairt agus a oiliúint. Ar an tslí sin, gnóthófar soiléire a bhfuil géarghá léi i leith an réimse chasta seo.  Iarrfar ar an mBord Eorpach um Chosaint Sonraí breithniú a dhéanamh ar na nithe seo a leanas, i measc nithe eile: a mhéid a phróiseáiltear sonraí pearsanta ag na céimeanna éagsúla de shamhail intleachta saorga a oiliúint agus a oibriú, lena n-áirítear sonraí chéad pháirtí agus sonraí tríú páirtí araon; agus an cheist ghaolmhar maidir le cé na tosca ar leith a thagann chun cinn, a mhéid a bhaineann leis an measúnú ar an mbunús dlí a bhfuil an rialaitheoir sonraí ag brath air don phróiseáil sin. 

Dúirt an Coimisinéir Dale Sunderland: “Tá súil agam gurb é an toradh a bheidh ar an tuairim ná go mbeifear in ann an réimse seo i gcoitinne a rialáil ar bhealach réamhghníomhach, éifeachtach agus comhsheasmhach ar fud na hEorpa. Toradh eile a bheidh uirthi is ea go dtacófar le láimhseáil a dhéanamh ar roinnt gearán a taisceadh leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí nó a tarchuireadh chuige i ndáil le raon rialaitheoirí sonraí difriúla, chun críocha a bhaineann le samhlacha éagsúla intleachta saorga a oiliúint agus a fhorbairt.”


[1] Thug an Breitheamh Onórach Reynolds na ráitis seo a leanas an 08 Lúnasa 2024:

“Cé gur cosúil gur ghlac an freagróir leis gur ghá bearta breisithe maolaithe a chur i bhfeidhm, is léir gur deimhin liom go bhfuil práinn ag baint leis an iarratas seo toisc, tar éis tús a chur leis an bpróiseáil iomchuí, go ndeachaigh roinnt míonna thart sular cuireadh na bearta sin i bhfeidhm agus toisc nár cuireadh na bearta sin i bhfeidhm i leith na n-iarúsáideoirí uile díreach ina dhiaidh sin.  Mar sin, tá fadhb ag baint leis na sonraí a bailíodh thar an tréimhse ama sin agus atá á n-úsáid anois, de réir na litreach, chun Grok 1 a oiliúint.  Sílim go bhfuil na sonraí sin á n-úsáid mar chuid den oiliúint do chur i bhfeidhm tosaigh Grok agus, go deimhin, mar chuid den oiliúint ar Grok”.

[2] Foráiltear le halt 134 den Acht um Chosaint Sonraí, 2018, go bhféadfaidh an Coimisiún, i gcás go measfaidh sé go bhfuil gá práinneach le gníomhú d’fhonn cearta agus saoirsí ábhar sonraí a chosaint, iarratas a dhéanamh chun na hArd-Chúirte ar ordú lena gceanglófar ar an rialaitheoir sonraí an phróiseáil sonraí pearsanta a fhionraí, a shrianadh nó a thoirmeasc.

[3] Is é Airteagal 64(2) RGCS an sásra trína bhféadfaidh údarás maoirseachta amhail an Coimisiún a iarraidh ar an mBord Eorpach um Chosaint Sonraí tuairim a thabhairt ina leagfar amach na barúlacha atá aige ar aon ábhar a mbeidh feidhm ghinearálta aige nó a mbeidh éifeachtaí aige.