Fáiltíonn an Coimisinéir Cosanta Sonraí roimh Rialachán Ginearálta nua an AE maidir le Cosaint Sonraí

25th Mí Bealtaine 2018

Friday, 25 May 2018

 

D’fháiltigh Helen Dixon Uasal, an Coimisinéir Cosanta Sonraí, roimh chur i bhfeidhm an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) ó inniu, Dé hAoine 25 Bealtaine 2018. Dlí comhchuibhithe nua é an RGCS a rialálann an phróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta a bhaineann le daoine aonair san AE. Is tús ré nua é ó thaobh caighdeáin chosanta sonraí de san AE: neartaíonn an Rialachán nua cearta daoine aonair go suntasach agus cuireann sé leis na hoibleagáidí ar eagraíochtaí maidir leis an tslí a bhailíonn agus a úsáideann siad sonraí pearsanta.

Agus í ag labhairt inniu, dúirt Helen Dixon Uasal, go bhfuil “feidhm le Rialachán Ginearálta an AE maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) ó inniu. Caithfidh eagraíochtaí den uile mhéid agus i ngach earnáil a chuid rialacha a chur chun feidhme agus éilíonn sé leibhéal níos airde cuntasachta ó thaobh an tslí a bhailítear agus a úsáidtear faisnéis a bhaineann go pearsanta le gach duine ar leith dínn - is cuma cé acu sainaithint dhíreach nó indíreach a dhéantar orainn. Baineann an RGCS, mar sin, le gach duine dínn mar dhaoine aonair sa mhéid go dtugann sé cearta láidre nua dúinn an ráta agus na slite a rialú ina n-úsáidtear ár gcuid sonraí pearsanta. Tá an RGCS ann chun go mbeidh deis ag an tsochaí tairbhe a bhaint as maitheas na teicneolaíochta ach chun a chinntiú freisin go ndéantar muid a chosaint ar an dochar a eascraíonn as próiseáil iomarcach, éagórach.

Is é an Coimisiún um Chosaint Sonraí (CCS) an t-údarás neamhspleách in Éirinn ar cuireadh de chúram air faireachán agus forfheidhmiúchán a dhéanamh ar fheidhmiú an dlí thábhachtaigh nua seo in Éirinn.  Leanfaimid de bheith ag cur faisnéis thábhachtach treoraíochta ar fáil chun cuidiú le heagraíochtaí an RGCS a chur chun feidhme agus le daoine aonair a gcearta a fheidhmiú trínár suíomh gréasáin www.dataprotection.ie.”

Rinne an CCS in Éirinn infheistíocht shuntasach agus iad ag cur le tuiscint an phobail ar an RGCS agus ag ullmhú dó le dhá bhliain anuas. I dtorthaí suirbhé neamhspleách ar ghnólachtaí fiontar beag agus meánmhéide (FBM) in Éirinn a choimisiúnaigh CCS le deireanas léiríodh cuid de dhea-thorthaí obair agus rannpháirtíocht CCS sa mhéid sin. Rinneadh an suirbhé bliain i ndiaidh suirbhé cosúil leis a rinneadh i mBealtaine 2017 agus seo a leanas cuid de na ceannfhigiúirí:

Léiríonn suirbhé 2018 a dhá oiread de mhéadú tuisceana i measc gnólachtaí FBM in Éirinn ar na mórathruithe ag eascairt as an RGCS - 90% i gcomparáid le 44% anuraidh.

Tá a chúig oiread níos mó feidhmeannach gnó FBM i mbliana a léiríonn go bhfuil cur amach acu ar iarmhairtí an RGCS dá gcuid eagraíochtaí agus tá 30% díobh in ann trí athrú a ainmniú anois, i gcomparáid le 6% in 2017; agus

Léiríonn suirbhé na bliana seo méadú 24% ar na leibhéil tuisceana faoi na pionóis a ghearrtar ar chuideachtaí as neamhchomhlíonadh an RGCS (65% in 2018 i gcomparáid le 41% in 2017).

Dúirt Helen Dixon Uasal: “Tugann torthaí ár suirbhé feasachta an-uchtach dom agus tá mé an-sásta lenár rannpháirtíocht leis an oiread sin eagraíochtaí le bliain anuas. Agus muid ag obair i gcomhar féadaimid Éire a chur i mbéal an phobail mar thír ina gcuirtear i bhfeidhm agus ina seastar leis na caighdeáin is airde cosaint ar an bhfaisnéis phearsanta.”

Má tá a thuilleadh eolais uait, tabhair cuairt le do thoil ar  www.dataprotection.ie agus www.GDPRandYou.ie.

DEIREADH