Fáilte curtha ag Oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí roimh an toradh a bhí ar chás a bhain le Sonraí Pearsanta a dhíol

26th Mí Eanair 2018

FÁILTE CURTHA AG OIFIG AN CHOIMISINÉARA COSANTA SONRAÍ ROIMH AN TORADH A BHÍ AR CHÁS A BHAIN LE SONRAÍ PEARSANTA A DHÍOL

Chuir an Coimisinéir Cúnta Cosanta Sonraí, Tony Delaney, fáilte inniu roimh an toradh a bhí ar imeachtaí ionchúisimh a tháinig chun críche i gCúirt Chuarda Leitir Ceanainn agus a ghlac an Garda Síochána i gcoinne iar-státseirbhísigh. Cúisíodh an cosantóir i roinnt cúiseanna a bhain le híocaíochtaí calaoiseacha a ghlacadh idir 2008 agus 2010 ó bheirt imscrúdaitheoirí príobháideacha ar mhaithe le faisnéis phearsanta a thabhairt dóibh, faisnéis a bhí coinnithe ar bhunachair sonraí a fhostóra ag an am, an Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí.

Toradh na Cúirte

Tugadh le fios i gCúirt Chuarda Leitir Ceanainn Dé Máirt na seachtaine seo go raibh an tUasal Rory Lenihan, a bhfuil seoladh aige i Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall, ag pléadáil ciontach in dhá chúis déag samplacha as ceathracha a haon cúis. Bhain na cúiseanna le sárú alt 1(1) agus (4) den Acht um Éilliú a Chosc, 1906 arna chur isteach le halt 2 den Acht um Éilliú a Chosc, 2001. Inniu ghearr an Chúirt téarma príosúin dhá bhliain in aghaidh gach ceann den dá chúis déag ar an Uasal Lenihan, iad le cur isteach aige ag an am céanna agus an bhliain deiridh curtha ar fionraí. 

Ag cur fáilte roimh thoradh na cúirte inniu, dúirt an Coimisinéir Cúnta Tony Delaney:

"Tugadh chun críche ag éisteacht pianbhreithe an lae inniu imeachtaí fada cúirte a bhain le dhá imscrúdúchán ar leith ón nGarda Síochána agus ón gCoimisinéir Cosanta Sonraí (DPC) a thosaigh i mí na Nollaig 2010. Thug an DPC faoi imscrúdú mionsonraithe ar thrí chuideachta san earnáil árachais in 2010-2011.  Mar thoradh ar an imscrúdúchán sin ciontaíodh na cuideachtaí sin, Zurich Insurance Plc, FBD Insurance Plc agus Travelers Insurance Company Limited  i gCúirt Chathrach Dúiche Bhaile Átha Cliath i mí Feabhra 2012 faoi na hAchtanna um Chosaint Sonraí. I ndiaidh an imscrúdúcháin fuarthas tuairisc fhoirmeálta maidir le sárú ón Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí maidir le hamhras go raibh duine dá chuid oifigeach ag sceitheadh sonraí pearsanta a bhí coinnithe ar chórais na Roinne le tríú páirtithe. Le linn an imscrúdúcháin thángthas ar fhianaise i gcomhaid éilimh na gcuideachtaí árachais a bhí i gceist ar fhaisnéis leasa shóisialaigh a bhain le roinnt éilitheoirí árachais. Fuaireamar amach gur gnólacht imscrúdaitheoirí príobháideacha a chuir an fhaisnéis leasa shóisialaigh ar fáil do na cuideachtaí árachais, faisnéis a chuir an cosantóir in imeachtaí an lae inniu, an tUasal Rory Lenihan, ar fáil dóibh.

Ní raibh súil ar bith le méid ná cineál an iompair sháraithigh a tháinig chun solais san imsrúdú ar an gcás seo.  Tá an cás seo ar cheann de na cásanna is mó a bhaineann le sárú tromchúiseach sonraí sa Stát. Bhain státseirbhíseach, a raibh teacht go réidh aige, chun críocha a chuid dualgas oifigiúil, ar thaifid leasa shóisialaigh gach custaiméara sa Roinn, mí-úsáid as a chéim agus scrúdaigh na taifid sin agus roinn faisnéis phearsanta astu le himscrúdaitheoirí príobháideacha ar mhaithe le híocaíochtaí calaoiseacha.  Is náireach agus is uafásach é.

Sna blianta ó tháinig an cás seo chun solais ar dtús ag deireadh 2010, tá acmhainní suntasacha caite ag an DPC chun sceitheadh sonraí pearsanta ó bhunachair Stáit chuig imscrúdaitheoirí príobháideacha a aithint. Tá torthaí dearfacha bainte amach sa réimse sin dár gcuid oibre, a bhíonn ar bun an t-am ar fad, agus tá cúig eintiteas imscrúdúcháin phríobháidigh aimsithe agus an dlí curtha orthu ó 2014 maidir le cúiseanna a bhain le sonraí pearsanta a fháil ó bhunachair sonraí Stáit gan údarás agus á roinnt le tríú páirtithe sna hearnálacha árachais nó airgeadais.

Ba chóir gur fógra ríshoiléir a bheadh i dtoradh na Cúirte inniu d'fhostaithe i ngach earnáil gan a bheith ag smúrthacht i sonraí pearsanta a bheadh ar fáil dóibh sa láthair oibre lena gcuid dualgas a chomhlíonadh ná iad a roinnt le tríú páirtithe neamhúdaraithe.  Bíonn teacht ag fostaithe ar thaifid ina bhfuil sonraí pearsanta mar a bhaineann lena gcuid oibre. Is ionann imeacht ó na críocha oifigiúla sin, teacht ar thaifid chun teacht ar fhaisnéis thar ceann duine muinteartha, cairde nó eile, agus sárú ar reachtaíocht cosanta sonraí agus a bhféadfadh iarmhairtí tromchúiseacha a bheith i gceist d'fhostaí a dhéanfadh a leithéid.

Críoch.

I dtaobh fiosruithe ó na meáin, déan teagmháil le Graham Doyle, Ceann na Cumarsáide, An Coimisinéir Cosanta Sonraí

Fón póca 087-9392359

Ríomhphost. media@dataprotection.ie