Torthaí Barr ó Shuirbhé Spóirt an Choimisiúin um Chosaint Sonraí
20th Mí na Nollag 2024
Nochtadh i suirbhé a rinneadh le déanaí ar chleachtais chosanta sonraí i measc an tionscail spóirt gur ann do bhearnaí móra i gcomhlíonadh agus i dtuiscint.
D’fhorbair an Coimisiún um Chosaint Sonraí (an Coimisiún) an suirbhé chun measúnú a dhéanamh ar réimsí éagsúla tuisceana, lena n-áirítear an oiliúint a chuirtear ar bhaill foirne, na freagrachtaí atá ar phróiseálaithe agus rialaitheoirí sonraí, an dóigh a láimhseáiltear sonraí catagóire speisialta, agus na cearta atá ag ábhair sonraí.
Rinne an Coimisiún caidreamh le breis agus 100 club spóirt ar fud ceithre mhórspórt i dtéarmaí rannpháirtíochta ar an leibhéal náisiúnta: rugbaí; Cumann Pheil na mBan; Cumann Lúthchleas Gael; agus peil. Ina chuid caidrimh sa réimse seo, tá an Coimisiún ag leagan díriú ar leith ar phróiseáil sonraí leanaí, á aithint go bhfuil rannpháirtíocht sa spórt ina gné thábhachtach den saol do chuid mhór daoine óga in Éirinn. Ba cheart do leanaí, agus dá dtuismitheoirí, a bheith in ann páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí spóirt gan aon imní mhíchuí a bheith orthu ó thaobh príobháideachta agus cosanta sonraí de.
Príomhfhionnachtana
Is díol suntais é nach bhfuil sceideal coinneála sonraí ag 56% de chlubanna spóirt. Cruthaíonn sé sin ábhair imní maidir le sonraí pearsanta a bheith á stóráil agus á gcoinneáil ar feadh tréimhsí atá i bhfad níos faide ná mar is gá chun na críche a fuarthas na sonraí ar dtús.
Ina theannta sin, thuairiscigh 41% de chlubanna nach bhfuil aon bheartais chosanta sonraí i bhfeidhm acu. Tá ríthábhacht ag baint leis na beartais sin maidir lena chinntiú go gcomhlíonann clubanna na hoibleagáidí atá orthu faoin Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS). I gcás níos mó ná leath na gclubanna a ndearnadh suirbhé orthu, níl aon nósanna imeachta i bhfeidhm acu chun déileáil le hiarrataí ar rochtain d’ábhar sonraí ná le cearta eile atá ag ábhair sonraí faoi RGCS amhail an ceart go ndéanfaí léirscriosadh agus an ceart go ndéanfaí ceartúcháin. Áirítear neamhchomhlíonadh, sáruithe sonraí agus cailliúint iontaoibhe i measc ball leis na torthaí a bhíonn ar nósanna imeachta a bheith in easnamh ar chlubanna spóirt chun déileáil le hiarrataí ar rochtain d’ábhar sonraí agus le cearta eile atá ag ábhair sonraí. Chun na rioscaí sin a mhaolú, is gá do chlubanna spóirt beartais chuimsitheacha chosanta sonraí a chur chun feidhme, oiliúint shoiléir a chur ar bhaill foirne maidir leis na cearta atá ag ábhair sonraí, agus próisis atá soiléir agus éifeachtúil a bhunú le haghaidh freagairt d’iarrataí ar rochtain d’ábhar sonraí agus ar iarrataí gaolmhara eile.
Mar gheall ar an teicneolaíocht atá ag teacht chun cinn, tuigeann an Coimisiún gur féidir go bhfuil clubanna spóirt ag tosú ar anailís feidhmíochta a úsáid trí shonraí a bhailiú ó imreoirí trí ghléasanna inchaite. Nuair a thugann club na cineálacha teicneolaíochta sin isteach, moltar measúnú tionchair ar chosaint sonraí a dhéanamh chun aon rioscaí a eascraíonn as an úsáid sin a mheasúnú agus a mhaolú. Ós rud é nár luaigh ach 9% de chlubanna go ndearna siad measúnú tionchair ar chosaint sonraí, is léir nach bhfuil clubanna ar an eolas faoi na hoibleagáidí atá orthu measúnú a dhéanamh ar an riosca a eascraíonn as próiseáil sonraí ná faoin dea-chleachtas maidir le measúnú tionchair ar chosaint sonraí a dhéanamh.
Maidir le cineálacha sonracha sonraí, mhaígh 56% de chlubanna nach mbailíonn siad aon sonraí sláinte catagóire speisialta. Is ábhar imní é, dá réir sin, gur luaigh 39% de chlubanna go mbailíonn siad sonraí feidhmíochta. Tá sé tábhachtach a chur in iúl go láidir gur dóigh gur sonraí sláinte iad sonraí feidhmíochta, a bhailítear le himeacht ama, toisc go mbaineann na sonraí sin le folláine fhisiciúil agus mheabhrach lúthchleasaithe.
Ina theannta sin, luaigh aon trian de chlubanna go n-úsáideann a mbaill foirne agus a n-oibrithe deonacha gléasanna pearsanta chun sonraí club a bhainistiú agus a rochtain. Mar rialaitheoir sonraí, ba cheart do chlubanna a chinntiú go gcomhlíonann a bpróiseáil sonraí pearsanta na hoibleagáidí slándála agus sláine a leagtar síos le RGCS. Ní mór bearta iomchuí a bheith i bhfeidhm do na sonraí uile a bhailítear ar ghléas pearsanta chun críocha an chlub ar mhaithe le cosaint a thabhairt ar rochtain neamhúdaraithe nó neamhdhleathach (e.g., más rud é go ngoidtear nó go gcailltear an gléas). Ba cheart do chlubanna féachaint ar bheartas ‘tabhair do ghléas féin’ a chur chun feidhme chun a chinntiú go bhfuil coimircí iomchuí i bhfeidhm nuair a úsáideann baill foirne/cóitseálaithe a ngléasanna pearsanta chun sonraí a ghabháil agus a bhailiú (i.e., fiú amháin i gcás grianghraif a thógtar ag imeachtaí nó ag cluichí).
Ag féachaint romhainn, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún roinnt beart a dhéanamh chun cleachtais chosanta sonraí a fheabhsú ar fud an tionscail spóirt. Is é an chéad sprioc eile ná caidreamh a dhéanamh leis na comhlachtaí agus na heagraíochtaí rialaithe a chuireann an spórt chun cinn ar fud na hÉireann agus obair i gcomhar leo chun feasacht a mhúscailt agus chun eolas a fhorbairt maidir le cosaint sonraí. Trí chomhoibriú leis na heagraíochtaí sin, tá súil ag an gCoimisiún comhlíonadh agus tuiscint níos fearr a chur chun cinn, á chinntiú go mbeidh cumas níos fearr ag clubanna agus eagraíochtaí spóirt chun sonraí pearsanta lúthchleasaithe, ball foirne agus aon ábhair sonraí a ndéanann siad caidreamh leo a chosaint. Is é an aidhm atá aige ina leith sin tacú le clubanna na hoibleagáidí atá orthu faoi RGCS a chomhlíonadh.