Straitéis Rialála foilsithe ag an DPC don tréimhse 2022-2027

22nd Mí na Nollag 2021

Ina Straitéis don tréimhse 2022-2027, leagann an Coimisiún um Chosaint Sonraí fís uaillmhianach amach do na cúig bliana sin, ar tréimhse í a gcreidimid a bheidh ríthábhachtach i dtaobh forbairt dlí, rialacháin agus cultúr cosanta sonraí.

Baineann fairsinge shainchúram rialála an DPC le gach réimse den saol pearsanta agus poiblí; ag leibhéal náisiúnta agus idirnáisiúnta araon. D’fhonn Straitéis Rialála a fhorbairt a chuirfidh treoir éifeachtach ar fáil maidir le sainchúram ollmhór oibríochta dá leithéid, tá an DPC cúramach cuntas a ghlacadh den chomhthéacs níos leithne ina rialaíonn sé, de riachtanais na bpáirtithe leasmhara iléagsúil atá aige agus nádúr athraitheach na n-earnálacha a ghluaiseann ar aghaidh go tapa agus na n-earnálacha neamhthraidisiúnta a rialaíonn sé.

Tá an Straitéis leagtha amach de réir spriocanna bunúsacha a bhfuil misean, fís agus luachanna an DPC mar bhonn agus mar thaca fúthu, iad le chéile a chuireann le soláthar thosaíochtaí straitéiseacha an DPC. Tuigeann an DPC nach féidir leis a chuid uaillmhianta a bhaint amach as féin - beidh comhpháirtíochtaí nua chomh maith le bealaí tarraingteacha nua de dhíth de réir mar a thugaimid aghaidh ar thodhchaí ina mbeidh comhchlaonadh níos cóngaraí i gceist. Mar sin féin, déanann an DPC dul chun cinn ó áit muiníneach: is oifig Rialála an DPC a bhfuil uaillmhian aici, a bhfuil cuspóir soiléir aici, stair éachta, agus todhchaí lena mbaineann gealladh nach beag aici.

D’fhonn an Straitéis Rialála seo a ullmhú, ghlac an DPC páirt i dtréimhse comhairliúcháin atriallaigh le réimse leathan páirtithe leasmhara, páirtithe leasmhara inmheánacha agus seachtracha araon, ag bailiú léargais agus taithí ar an gcaoi a bhfuil tionchar ag Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (GDPR) ar shaol daoine aonair agus ar eagraíochtaí a fheidhmíonn thar réimse earnálacha. Tá sé soiléir ón machnamh domhain a rinneadh maidir leis na haighneachtaí seo gur ábhar é an GDPR lena mbaineann leas ríthábhachtach do go leor daoine. Faoi mar a dhéantar i gcás reachtaíochta forleithne, ní bhíonn na léirmhínithe éagsúla ó pháirtithe leasmhara ar an gcaoi is fearr leis an GDPR a chur i bhfeidhm ag freagairt dá chéile i gcónaí. Mar sin féin, tá de chúram ar an DPC na cosúlachtaí idir na tuairimí difriúla seo a asbhaint, agus clár oibre maidir le tosaíochtaí rialála a aithint a bhrúfaidh comhlíontacht chun tosaigh agus a chuirfidh torthaí cosanta sonraí níos fearr chun cinn do dhaoine aonair san AE.

Tá cuspóir uileghabhálach amháin - níos mó a dhéanamh, do níos mó daoine - mar bhonn agus mar thaca faoin na roghanna straitéiseacha a dhéantar sa Straitéis seo fad a dhéanann an DPC a bhealach trí thodhchaí rialála a bheidh lán de tosaíochtaí comhsháraitheacha.

Straitéis Rialála an DPC 2022-2027

Tuarascáil maidir le hAiseolas ó Chomhairliúchán Straitéis Rialála an DPC (As Béarla)

Straitéis Rialála 2022 - 2027