Seolann an DPC dhá fhiosrúchán ar TikTok maidir le comhlíonadh riachtanais GDPR a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta leanaí agus aistrithe sonraí chuig an tSín

14th Mí Meán Fomhair 2021

Inniu sheol an Coimisiún um Chosaint Sonraí (DPC) dhá fhiosrúchán dá thoil féin de bhun alt 110 den Acht um Chosaint Sonraí 2018 maidir le comhlíonadh TikTok Technology Limited (TikTok) le riachtanais an GDPR.

Scrúdóidh an chéad fhiosrúchán conas ar chomhlíon TikTok riachtanais an GDPR maidir le cosaint sonraí de réir dearadh agus réamhshocraithe mar a bhaineann said le próiseáil sonraí pearsanta i gcomhthéacs socruithe ardáin d’úsáideoirí faoi 18 agus bearta fíorúcháin aoise do dhaoine faoi 13. Ina theannta sin, scrúdóidh an fhiosrúchán seo ar chomhlíon TikTok oibleagáidí trédhearcachta an GDPR i gcomhthéacs próiseáil sonraí pearsanta úsáideoirí faoi 18.

Díreoidh an dara fhiosrúchán ar aistrithe sonraí pearsanta ag TikTok chuig an tSín agus comhlíonadh TikTok le riachtanais an GDPR d’aistrithe sonraí pearsanta chuig tríú tíortha.