Osclaíonn an Coimisiún um Chosaint Sonraí fiosrúchán reachtúil ar MTCH Technology Services Limited (Tinder)

04th Mí Feabhra 2020

Ó tháinig an GDPR I bhfeidhm, tá an Coimisiún um Chosaint Sonraí ag déanamh monatóireacht ghníomhach ar ghearáin a fhaigheann sé ó dhaoine aonair chun ceisteanna cosanta sonraí a aithint a bhfuil téamach agus a d’fhéadfadh bheith córasach. Aithníodh roinnt ceisteanna ó imní a d’ardaigh daoine aonair in Éirinn agus ar fud an AE araon. Baineann na ceisteanna a aithníodh leis an bpróiseáil atá fós á dhéanamh ag MTCH Technology Services Limited ar shonraí pearsanta úsáideoirí i dtaca lena ghníomhaíochtaí próiseála maidir leis an ardán Tinder, an trédhearcacht a bhaineann leis an bpróiseáil atá á dhéanamh, agus comhlíonadh na cuideachta lena hoibleagáidí maidir le hiarratais ó ábhair sonraí. Mar sin, chuir an DPC tús le Fiosrúchán Reathúil dá thoil féin, maidir le MTCH Technology Services Limited, de bhun alt 110 den Acht um Chosaint Sonraí 2018 agus de réir na meicníochta comhoibrithe a achoimrítear faoi Airteagal 60 den GDPR. Iarrfaidh fiosrúchán an DPC a dheimhniú an bhfuil bunus dlí ag an gcuideachta leanúint le sonraí pearsanta a húsáideoirí a phróiseail agus an gcloíonn sí lena hoibleagáidí mar rialaitheoirí sonraí maidir le trédhearcacht agus lena comhlíonadh le hiarratais ó ábhair sonraí.