Lá na Sábháilteachta Idirlín 2026

10th Mí Feabhra 2026

Beidh Lá na Sábháilteachta Idirlín ar siúl Dé Máirt, an 10 Feabhra 2026. Is é téama an lae i mbliana ná “Eolach ar Intleacht Shaorga: Sábháilte, Cliste, agus i gCeannas”. Tá sé mar aidhm le Lá na Sábháilteachta Idirlín 2026 iniúchadh a dhéanamh ar bhealaí inar féidir na scileanna smaointeoireachta criticiúla agus inniúlachta digití is gá a chur ar leanaí agus daoine óga ionas gur féidir leo ábhar a mheas, claontacht a aithint, a bpríobháideacht a chosaint, cinntí freagracha a dhéanamh, agus a bheith Sábháilte, Cliste agus i gCeannas. 

 Ar Lá na Sábháilteachta Idirlín i mbliana, ba mhaith linn go mbeadh déagóirí ‘Eolach ar Intleacht Shaorga’. I dteannta a chéile, chuir an Coimisiún um Chosaint Sonraí agus Coimisiún na Meán póstaer in-íoslódáilte le chéile ar a bhfuil roinnt leideanna atá ceaptha chun cabhrú le déagóirí intleacht shaorga a úsáid go sábháilte. Tá an comhthionscnamh sin ina léiriú ar an tiomantas comhroinnte atá againn caighdeáin chosanta ar líne a ardú do leanaí, mar atá leagtha amach sa Ráiteas Comhpháirteach a d’fhoilsíomar i mí Dheireadh Fómhair 2025.

Bí Feasach ar an IS Lá le Haghaidh Idirlíon Níos Sábháilte
Bí Feasach ar an IS Lá le Haghaidh Idirlíon Níos Sábháilte - PDF 5.5MB