Foilsíonn An Coimisiún um Chosaint Sonraí a Thuarascáil Bhliaintúil 2019

20th Mí Feabhra 2020

Inniu sheol Helen Dixon, an Coimisinéir um Chosaint Sonraí, Tuarascáil Bhliaintúil Coimisiúin na hÉireann um Chosaint Sonraí do 2019, ina dtugtar mionsonraí faoi obair an DPC don chéad bhliain féilire ó tugadh an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (GDPR) isteach.

Áirítear na nithe seo leis na príomhnithe is díol spéise sa Tuarascáil Bhliaintiúil 2019:

  • Fuarthas 7,215 gearán in 2019. B’ionann an figiúr sin agus méadú 75% ar an líon gearán (4,113) a fuarthas in 2018.
  • Tuairiscíodh 6,069 shárú bhailí slándála sonraí. B’ionann an figiúr sin agus méadú 71% ar an líon sáruithe bhailí slándála sonraí (3,542) a thaifeadadh in 2018.
  • Fuarthas beagnach 48,500 teagmháil trí Aonad Faisnéise agus Measúnaithe an DPC, lena n-áiríodh 22,200 glaoch gutháin agus 22,300 ríomhphost.
  • Ar an 31 Nollaig 2019, bhí 70 fiosrúchán reachtúil ar lámha an DPC, lena n-áiríodh 49 fiosrúchán teaghlaigh.
  • Osclaíodh sé fhiosrúchán reachtúil maidir leis an dóigh a bhfuil an GDPR á chomhlíonadh ag eagraíochtaí ilnáisiúnta teicneolaíochta. Is é 21 líon iomlán na bhfiosrúchán trasteorann.
  • Fuair an DPC 457 gearán maidir le próiseáil trasteorann tríd an mheicníocht Ionaid Ilfhreastail.
  • Rinneadh imscrúdú ar 165 gearán nua faoi I.R. Uimh. 336 ó 2011 maidir le cineálacha éagsúla margaíochta leictreonach dhíreach: 77 maidir le margaíocht ríomhphoist; 81 maidir le margaíocht SMS (teachtaireacht téacs); agus seacht maidir le margaíocht gutháin. Tugadh ionchúisimh i gcrích i gcoinne ceithre eintiteas maidir le naoi gcion san iomlán faoi na Rialacháin ePríobháideachais.
  • D’fhoilsigh an DPC a chinneadh ar ghnéithe áirithe den Chárta Seirbhísí Poiblí (PSC) tar éis imscrúdú fada. Díríodh an cinneadh a fhoilsíodh ar dhá bhuncheist, is iad sin an bunús dlí ar a ndéantar sonraí pearsanta a phróiseáil agus trédhearcacht.
  • Rinne an DPC comhairliúchán leathan ar phróiseáil sonraí pearsanta leanaí, lena bhfuarthas 80 freagra. Úsáidfear an t-aiseolas ón comhairliúchán chun treoir a fhorbairt ar phróiseáil sonraí pearsanta leanaí, rud atá mar thosaíocht don DPC in 2020.
  • Fuair an DPC 712 fógra nua faoi Oifigigh Cosanta Sonraí. Bhí 1,596 fógra san iomlán ag deireadh na bliana.
  • Tháinig méadú ar an líon foirne ó 110 ag deireadh 2018 go dtí 140 ag deireadh 2019, beirt Leas-Choimisinéir breise san áireamh.

Dúirt an Coimisinéir um Chosaint Sonraí, Helen Dixon: “Ba é 2019 an chéad bhliain féilire iomlán den GDPR. Bhí go leor athruithe dearfacha, mar shampla, eagraíochtaí ar fud na hÉireann ag ceapadh Oifigigh Cosanta Sonraí, a bhfuil in ann cuidiú leis an bpobal lena gcearta cosanta sonraí a fheidhmiú agus feasacht níos fear a fheiceáil le daoine aonair agus eagraíochtaí araon faoi cé chomh tábhachtach is a bhfuil sé chun sonraí pearsanta a chosaint.

“Ag an gCoimisiún um Chosaint Sonraí, bhíomar gnóthach i rith 2019 ag eisiúnt treoir d’eagraíochtaí, ag réitiú gearáin daoine aonair, ag cur imscrúduithe mórscála chun cinn, ag déanamh athbhreithniú ar sháruithe sonraí, ag feidhmiú ár gcumhachtaí ceartúchán, ag comhoibriú lenár gcomhúdaráis san AE agus ar fud an domhain agus ag dul i mbun dlíthíochta chun cur chuige críochniúil a chinntiú maidir le feidhmiú an dlí i réimsí áirithe.”

Ag féachaint ar aghaidh, dúirt Helen Dixon Uasal: “Tá i bhfad níos mó le déanamh maidir leis an dlí prionsabail-bhunaithe seo a chur i bfheidhm go comhréireach agus go ceart agus an dlí a fhorfheidhmiú mar is cuí. Ach tús maith leath na hoibre agus tá an DPC sásta leis na bunclocha a leagadh in 2019. Táimid ag cur lenár bhfoireann 140 cheana féin chun freastail ar na héilimh atá le teacht in 2020 agus ina dhiaidh sin.”

 

Coimisiún um Chosaint Sonraí a Thuarascáil Bhliaintúil 2019