Foilsíonn an Coimisiún um Chosaint Sonraí “Foireann Uirlisí Cosanta Sonraí do Scoileanna”

19th Mí na Nollag 2024

D’fhoilsigh an Coimisiún um Chosaint Sonraí (an Coimisiún) “Foireann Uirlisí Cosanta Sonraí do Scoileanna” (“foireann uirlisí”) inniu, arb acmhainn nua í atá ceaptha chun tuilleadh cúnaimh a thabhairt do scoileanna na hoibleagáidí cosanta sonraí atá orthu a chomhlíonadh agus sonraí pearsanta leanaí á bpróiseáil acu.

Mar chuid den chaidreamh a dhéanann sé leis an earnáil oideachais trí na feidhmeanna láimhseála gearán agus comhairliúcháin atá aige, shainaithin an Coimisiún roinnt réimsí a bhfuil an chuma air go bhfuil scoileanna, mar earnáil, ag streachailt leo ó thaobh comhlíonadh cosanta sonraí de. Chinn sé, dá réir sin, acmhainn cosanta sonraí atá saincheaptha go sonrach do scoileanna a ullmhú. Sa bhliain 2023, chuaigh an Coimisiún i gcomhairle le roinnt eagraíochtaí san earnáil oideachais chun léargas níos soiléire a ghnóthú ar na hábhair imní shonracha atá ag scoileanna agus ar na dúshláin shonracha atá rompu. Agus an t-aiseolas sin á chur san áireamh aige, thosaigh an Coimisiún ag obair ar an bhfoireann uirlisí uaidh, ina gcumhdaítear na nithe seo a leanas:

  • Píosa mionsonraithe treorach ar ghnéithe difriúla den dlí cosanta sonraí a mhéid a bhaineann go sonrach le scoileanna
  • Rannán Ceisteanna Coitianta ina dtugtar freagraí ar cheisteanna a fhaigheann an Coimisiún ón earnáil oideachais go minic
  • Aguisín ina bhfuil trí acmhainn úsáideacha do scoileanna, is iad sin:
    • Teimpléad samplach le haghaidh Measúnuithe Tionchair ar Chosaint Sonraí
    • Grafaic faisnéise ina léirítear an fhaisnéis atá le cur ar áireamh i mBeartas Príobháideachta
    • “Seicliosta” do scoileanna maidir le conas freagra a thabhairt ar Iarraidh ar Rochtain d’Ábhar Sonraí

Tá súil ag an gCoimisiún go mbeidh an treoir seo úsáideach do scoileanna, agus glacfaidh sé le haiseolas ó rialaitheoirí sonraí san earnáil seo ina leith go dtí an 31 Eanáir 2025.

Dúirt Des Hogan agus Dale Sunderland, na Coimisinéirí Cosanta Sonraí:

“Aithníonn an Coimisiún na dúshláin atá le sárú ag scoileanna, agus tá rún daingean aige cabhrú leo na hoibleagáidí cosanta sonraí atá orthu a chomhlíonadh. Tá an fhoireann uirlisí seo ar an gcéad chéim i dtreo cabhrú le scoileanna na caighdeáin chosanta sonraí a thugtar do leanaí a ardú, agus tá sé beartaithe ag an gCoimisiún leanúint le caidreamh a dhéanamh leis an earnáil sna míonna agus sna blianta atá le teacht.”

 

Is féidir an Fhoireann Uirlisí um Chosaint Sonraí do Scoileanna a fháil anseo.