Fógraíonn an Coimisiún um Chosaint Sonraí gur Cuireadh Clabhsúr le Fiosrúchán ar Ollscoil Mhá Nuad

06th Mí na Nollag 2024

Inniu, d’fhógair an Coimisiún um Chosaint Sonraí (an Coimisiún) an cinneadh críochnaitheach uaidh tar éis fiosrúchán ar shárú sonraí pearsanta in Ollscoil Mhá Nuad. Thosaigh an Coimisiún an fiosrúchán seo dá dheoin féin i mí Iúil 2019. Bhain an fiosrúchán le sárú sonraí pearsanta ar thug Ollscoil Mhá Nuad fógra faoi i mí na Samhna 2018. Rinne an sárú difear do na cuntais ríomhphoist de chuid fostaithe ollscoile, agus thug sé deis do dhaoine neamhúdaraithe smacht a fháil ar suas le sé chuntas. Bhain na daoine neamhúdaraithe sin úsáid as an smacht a fuair siad ar chuntas amháin chun cabhrú le calaois a dhéanamh, rud a bhí ina chúis le caillteanas airgeadais do dhuine amháin de na daoine a ndearnadh difear dóibh.

Rinne an Coimisiún measúnú ar na bearta teicniúla agus eagraíochtúla a bhí i bhfeidhm ag Ollscoil Mhá Nuad chun slándáil na sonraí pearsanta a bhí á bpróiseáil aici a chinntiú, agus scrúdaigh sé a mhéid a chomhlíon an rialaitheoir an oibleagáid atá uirthi fógra a thabhairt go pras faoi aon sáruithe.

Thángthas ar na conclúidí seo a leanas sa Chinneadh ón gCoimisiún:

  • sháraigh Ollscoil Mhá Nuad Airteagal 5(1)(f) agus Airteagal 32 RGCS nuair a mhainnigh sé slándáil iomchuí a chinntiú do na sonraí pearsanta a bhí á bpróiseáil aici agus nuair a mhainnigh sí bearta iomchuí teicniúla agus eagraíochtúla a chur chun feidhme chun slándáil den sórt sin a chinntiú, agus
  • sháraigh Ollscoil Mhá Nuad Airteagal 33(1) RGCS nuair a mhainnigh sí fógra a thabhairt don Choimisiún faoin sárú sonraí laistigh de 72 uair an chloig.

Thug an Coimisiún iomardú d’Ollscoil Mhá Nuad, d’fhorchuir sé fíneálacha riaracháin dar luach iomlán €40,000 uirthi, agus d’ordaigh sé di a próiseáil a chur i gcomhréir le ceanglais slándála RGCS.

Dúirt an Coimisinéir Des Hogan/Dale Sunderland:

Tá sé ríthábhachtach go gcinnteodh eagraíochtaí go bpróiseáiltear sonraí pearsanta ar bhealach a chinntíonn slándáil iomchuí, trí na bearta teicniúla agus eagraíochtúla a cheanglaítear faoi RGCS a chur chun feidhme. Ní mór do Rialaitheoirí Sonraí a chinntiú freisin go gcomhlíonann siad an oibleagáid reachtúil atá orthu fógra a thabhairt don Choimisiún um Chosaint Sonraí gan moill mhíchuí a luaithe a thagann siad ar an eolas faoi shárú sonraí pearsanta.

Foilseoidh an Coimisiún an cinneadh iomlán agus faisnéis ghaolmhar eile in am trátha.

 

*An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (Rialachán (AE) 2016/679)