Fógraíonn an Coimisiún um Chosaint Sonraí gur cuireadh clabhsúr le fiosrúchán ar Chomhairle Contae Shligigh
05th Mí na Nollag 2024
Inniu, d’fhógair an Coimisiún um Chosaint Sonraí (an Coimisiún) gur cuireadh clabhsúr le fiosrúchán ar Chomhairle Contae Shligigh. Féachadh san fhiosrúchán sin, arbh fhiosrúchán de dheoin an Choimisiúin féin é a tosaíodh i mí an Mheithimh 2018, lena mheasúnú cé acu a bhí nó nach raibh Comhairle Contae Shligigh ag próiseáil sonraí pearsanta i gcomhréir le RGCS agus leis an Acht um Chosaint Sonraí, 2018. Rinneadh scrúdú san fhiosrúchán ar roinnt d’oibríochtaí próiseála na Comhairle, lena n-áirítear an úsáid a bhaineann sí as ceamaraí TCI in áiteanna poiblí chun coireacht a ionchúiseamh nó chun críocha eile.
Tá an fiosrúchán seo ar cheann amháin de roinnt fiosrúchán de dheoin an Choimisiúin féin ina bhfuiltear ag tabhairt aghaidh ar raon leathan saincheisteanna a bhaineann leis na teicneolaíochtaí faireachais a úsáideann údaráis Stáit.
Áirítear na nithe seo leis na fionnachtana ón gCoimisiún sa chinneadh:
- Ní raibh aon bhunús dlí bailí ag Comhairle Contae Shligigh le próiseáil a dhéanamh ar shonraí pearsanta ó cheamaraí TCI agus ó cheamaraí uathaitheanta uimhirphlátaí.
- Mhainnigh Comhairle Contae Shligigh comharthaí a raibh foclaíocht chuí orthu a chur in airde i láithreacha cuí i ndáil le próiseáil na sonraí pearsanta a bailíodh trí cheamaraí TCI.
- Cinneadh freisin gur sáraíodh na hoibleagáidí atá ar Chomhairle Contae Shligigh measúnuithe tionchair ar chosaint sonraí a dhéanamh, logaí sonraí a chothabháil le haghaidh rochtain shonrach ar thaifeadtaí TCI, agus bearta cuí teicniúla agus eagrúcháin a chur chun feidhme.
Feidhmítear na cumhachtaí ceartaitheacha seo a leanas leis an gCinneadh freisin:
- Toirmeasc sealadach ar shonraí pearsanta a phróiseáil trí cheamaraí TCI agus trí cheamaraí uathaitheanta uimhirphlátaí ag láithreacha éagsúla go dtí gur féidir bunús dlí bailí a shainaithint.
- Ordú do Chomhairle Contae Shligigh a próiseáil sonraí pearsanta a chur i gcomhréir trí ghníomhartha áirithe a sonraíodh sa chinneadh a dhéanamh.
- Iomardú i leith an tsáraithe a rinne Comhairle Contae Shligigh ar alt 79 den Acht um Chosaint Sonraí, 2018.
- Fíneáil riaracháin €29,500.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil, is féidir leat cóip den chinneadh iomlán a íoslódáil ag an nasc seo (i mBéarla): Fiosrúchán ar Chomhairle Chontae Shligigh Samhain 2024 - (PDF, 7.6MB)