Fiosrúchán Reachtúil seolta ag an gCoimisiún um Chosaint Sonraí maidir leis an bpróiseáil a dhéanann Google ar shonraí suímh agus trédhearcacht i leith na próiseála sin

04th Mí Feabhra 2020

Maoirseachta ar Google, líon gearán ó Eagraíochtaí Tomhaltóirí éagsúla ar fud an AE, inar léiríodh imní maidir leis an bpróiseáil a dhéanann Google ar shonraí suímh. Baineann na saincheisteanna i ndáil leis an imní a léiríodh le dlíthiúlacht na próiseála a dhéanann Google ar shonraí suímh agus leis an trédhearcacht a bhaineann leis an bpróiseáil sin. Dá bharr sin, chuir an DPC tús le Fiosrúchán Reachtúil as a stuaim féin i ndáil le Google Ireland Limited, de bhun Alt 110 den Acht um Chosaint Sonraí 2018 agus de réir an tsásra chomhair arna leagan amach faoi Airteagal 60 de GDPR. Beidh sé i gceist leis an bhFiosrúchán a dhéanamh amach cibé an bhfuil bunús dlí bailí ag Google chun sonraí suímh a úsáideoirí a phróiseáil nó nach bhfuil agus cibé an mbaineann sé a chuid oibleagáidí amach mar rialaitheoir sonraí i ndáil le trédhearcacht.