Fáiltíonn an Coimisiún um Chosaint Sonraí roimh an toradh ar an mbabhta is déanaí d’ionchúisimh i leith cionta margaíochta

25th Mí Deireadh Fomhair 2024

Tá an Coimisiún um Chosaint Sonraí (an Coimisiún) tar éis fáiltiú roimh an toradh ar thrí cinn d’imeachtaí ionchúisimh a tionscnaíodh i gCúirt Dúiche Chathrach Bhaile Átha Cliath os comhair an Bhreithimh Halpin níos luaithe an tseachtain seo. Thionscain an Coimisiún na cásanna in aghaidh trí chuideachta agus, i ngach cás, d’eisigh an Coimisiún rabhaidh cheana féin chucu tar éis imscrúduithe a rinneadh de bhun gearáin a rinneadh roimhe sin leis an oifig.

 

Sky Ireland Limited

Phléadáil Sky Ireland Limited ciontach i gcúiseamh amháin i dteachtaireachtaí margaíochta SMS gan iarraidh a sheoladh chuig custaiméir, tar éis don chustaiméir fógra a thabhairt don chuideachta nach raibh sé ag iarraidh cumarsáidí den sórt sin a fháil.

Rabhadh Roimhe:

D’eisigh an Coimisiún rabhadh chuig Sky Ireland Limited roimhe sin i mí an Mheithimh 2019. Tháinig sé sin sna sála ar imscrúdú a rinneadh ar ghearán a fuarthas ó dhuine den phobal maidir le glaonna teileafóin margaíochta a fháil agus maidir leis an mainneachtain cloí le hiarrataí ar rogha an diúltaithe a fheidhmiú.

 

 

Google Ireland Limited

Phléadáil Google Ireland Limited ciontach in dhá chúiseamh i nglaonna teileafóin gan iarraidh a chur ar chustaiméir, tar éis don chustaiméir fógra a thabhairt don chuideachta nach raibh sé ag iarraidh cumarsáidí den sórt sin a fháil. 

Rabhadh Roimhe:

D’eisigh an Coimisiún rabhadh chuig Google Ireland Limited roimhe sin i mí Iúil 2023. Tháinig sé sin sna sála ar imscrúdú a rinneadh ar ghearán a fuarthas ó dhuine den phobal maidir le glaonna teileafóin gan iarraidh a cuireadh ar uimhir theileafóin an ghearánaigh gan toiliú.

 

 

Stella Novus Limited

Phléadáil Stella Novus Limited ciontach in dhá chúiseamh i ríomhphoist gan iarraidh a sheoladh chuig custaiméir, tar éis don chustaiméir fógra a thabhairt don chuideachta nach raibh sé ag iarraidh cumarsáidí den sórt sin a fháil.

Rabhadh Roimhe:

D’eisigh an Coimisiún rabhadh chuig Stella Novus Ireland i mí an Mheithimh 2023. Tháinig sé sin sna sála ar imscrúdú a rinneadh ar ghearán a fuarthas ó dhuine den phobal maidir le ríomhphoist gan iarraidh a sheoladh gan toiliú.

 

I ngach ceann de na trí chás, d’ordaigh an Chúirt do na cuideachtaí ranníocaíocht €1,500 a dhéanamh le Little Flower Penny Dinners, ar carthanas é, agus costais dlí an Choimisiúin a íoc in ionad ciontú agus fíneáil a fháil.

 

Dúirt Graham Doyle, Leas-Choimisinéir an Choimisiúin:

“I gcás na dtrí chuideachta a ionchúisíodh an tseachtain seo, d’fhostaigh siad go léir próiseálaithe sonraí tríú páirtí chun an mhargaíocht dhíreach leictreonach a bhí i gceist a sheoladh. Tá sé tábhachtach go gcuimhneodh rialaitheoirí sonraí a fhostaíonn próiseálaithe chun sonraí pearsanta a phróiseáil thar a gceann go bhfuil siad freagrach go fóill as gníomhartha na bpróiseálaithe sin i leith na sonraí pearsanta sin.

Sula dtosaíonn siad aon ghníomhaíochtaí margaíochta leictreonaí, tá sé ríthábhachtach gur dheimhin le cuideachtaí gur féidir lena soláthraithe tríú páirtí a chinntiú go bhfuarthas toiliú bailí cothrom le dáta ó na daoine aonair ar a liostaí margaíochta agus go bhfuil a sásraí um rogha an diúltaithe lánfheidhmiúil.”