Fáiltíonn an Coimisiún um Chosaint Sonraí roimh an toradh ar chionta margaíochta a ionchúiseamh

21st Mí na Samhna 2024

Tá an Coimisiún um Chosaint Sonraí (an Coimisiún) tar éis fáiltiú roimh an toradh ar imeachtaí ionchúisimh a tionscnaíodh i gCúirt Dúiche Chorcaí an tseachtain seo. Thionscain an Coimisiún an cás in aghaidh Sempiternal Aesthetics Limited, ag trádáil mar SISU Clinic.

Sempiternal Aesthetics Limited, ag trádáil mar SISU Clinic

Ag Cúirt Dúiche Chorcaí os comhair an Bhreithimh Carroll an 20 Samhain 2024, phléadáil Sempiternal Aesthetics Limited, ag trádáil mar SISU Clinic, ciontach i sé chúiseamh i leith ríomhphoist mhargaíochta gan iarraidh a sheoladh chuig custaiméir gan toiliú agus i sé chúiseamh i leith mainneachtain seoladh bailí a thabhairt don chustaiméir chun a roghnú gan cumarsáidí den sórt sin a fháil.

Chuir an chúirt an tAcht Promhaidh i bhfeidhm i leith gach ceann den dá scór déag, bunaithe ar an bhfíoras go ndearna an chuideachta caidreamh leis an gCoimisiún agus gur réitigh sí a córais chun a chinntiú nach dtiocfadh an tsaincheist chun cinn an athuair sa todhchaí.

Ordaíodh do Sempiternal Aesthetics Limited, ag trádáil mar SISU Clinic, €500 a íoc i leith tháillí dlí an Choimisiúin.

Rabhadh Roimhe

D’eisigh an Coimisiún rabhadh chuig an gcosantóir roimhe sin i mí an Mheithimh 2023. Tháinig sé sin sna sála ar imscrúdú a rinneadh ar ghearán a fuarthas ó dhuine den phobal maidir le ríomhphoist mhargaíochta a fháil agus maidir leis an mainneachtain cloí le hiarrataí ar rogha an diúltaithe a fheidhmiú.