"Leanaí an Phríomhchúis agus an Bhunaidhm: Bunphrionsabail i ndáil le Cur Chuige atá Dírithe ar Leanaí maidir le Próiseáil Sonraí”: Tuarascáil maidir leis an gComhairliúchán Poiblí

19th Mí na Samhna 2021

I mí na Nollag 2020, d'fhoilsigh an Coimisiún um Chosaint Sonraí (“DPC”) dréacht d'ábhar treorach “Leanaí an Phríomhchúis agus an Bhunaidhm: Bunphrionsabail i ndáil le Cur Chuige atá Dírithe ar Leanaí maidir le Próiseáil Sonraí” (na “Bunphrionsabail”).  Tháinig na Bunphrionsabail sin faoi anáil thoradh an chomhairliúcháin phoiblí a d'eagraigh an DPC, ina dhá shruth, i rith thús na bliana 2019, chomh maith le hanailís leitheadach dlíodóireachta agus ábhar saineolais ó gheallsealbhóirí príomhthábhachta maidir le cearta leanaí i rith na bliana 2019 agus na bliana 2020.

Idir an 18 Nollaig 2020 agus an 31 Márta 2021, d'eagraigh an DPC comhairliúchán poiblí maidir leis an dréachtleagan de na Bunphrionsabail d'fhonn an deis deiridh a thabhairt do na geallsealbhóirí a gcuid tuairimí a chur in iúl.

Tar éis an chomhairliúcháin seo, d’fhoilsigh an DPC an tuarascáil seo chun léargas a thabhairt ar an leibhéal rannpháirtíochta a fuaireamar agus chun achoimre a thabhairt ar na príomhthreochtaí agus na príomhthéamaí a tháinig as an aiseolas a fuaireamar ó páirtithe leasmhara ina n-aighneachtaí, chomh maith le freagraí an DPC leis an aiseolas seo.

Cliceáil anseo le léamh faoi cad a bhí le rá ag páirtithe leasmhara faoi na Bunphrionsabail.

San iomlán, fuarthas 27 aighneacht mar fhreagra ar an sruth seo den chomhairliúchán. Rinne na geallsealbhóirí rannpháirteacha ionadaíocht do raon leathan earnálacha, lena n-áirítear cuideachtaí teicneolaíochta agus meán sóisialta, carthanais um chearta leanaí, comhlachtaí earnála poiblí, an lucht léinn, agus comhlachais trádála. Tá an liosta iomlán aighneachtaí ar fáil thíos (as Béarla):

5Rights Foundation

Association of Community and Comprehensive Schools

Age Check Certification Scheme

American Chamber of Commerce Ireland

Age Verification Providers Association

CastleBridge

Centre for Information Policy Leadership

Common Sense

Department of Children, Equality, Disability, Integration and Youth

Department of Education

Department of Social Protection

Facebook Ireland

Future of Privacy Forum

Google

IAB Ireland

Irish Heart Foundation

ISFE and EGDF

Joint Managerial Body

Liberty Seguros

Mason Hayes & Curran LLP

National Council for Curriculum and Assessment

Privacy Vaults Online, Inc.

Royal College of Surgeons Ireland

Technology Ireland

TikTok Ireland

Tusla, Child and Family Agency

Twitter