Ráiteas ó Helen Dixon maidir lena hathcheapadh mar Coimisinéir um Chosaint Sonraí

28th Mí Bealtaine 2019

Fáiltím roimh chinneadh luath agus fógra an Rialtais maidir le mo athcheapadh mar Coimisinéir le haghaidh an dara téarma oifige. Ag an bpointe luath ach fíor-thábhachtach seo agus an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí á chur i bhfeidhm, tá leanúnachas tábhachtach chun soiléire a chur chun cinn le haghaidh eagraíochtaí maidir leis na caighdeáin go gcaithfidh siad baint amach chun cearta cosanta sonraí de chuid úsáideoirí seirbhíse, tomhaltóirí agus saoránaigh a chosaint. Is mór an onóir dom freastail sa ról seo agus obair le foireann dhíograiseach an Choimisiúin. Braitheann ár gcomh-údaráis AE um chosaint sonraí orainn chun maoirseacht éifeachtach a dhéanamh ar na hardáin mhóra idirlín a bhfuil ceanncheathrú acu in Éirinn, agus táimid tiomanta leis an tasc seo.