Tugann an Coimisiún um Chosaint Sonraí aitheasc os comhair Choiste Pharlaimint na hEorpa um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile
23rd Mí Bealtaine 2023
Bhí lúcháir ar an gCoimisiún um Chosaint Sonraí (“an Coimisiún”) cuireadh a fháil inniu chun an chéad aitheasc uaidh a thabhairt os comhair Choiste Pharlaimint na hEorpa um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile (“Coiste LIBE”). Tugadh an t-aitheasc i gcomhthráth le comóradh cúig bliana theacht i bhfeidhm an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí (“RGCS”) agus cumhdaíodh raon leathan topaicí ann, lenar áiríodh an obair fhairsing forfheidhmiúcháin a rinne an Coimisiún thar na cúig bliana seo a chuaigh thart agus an dul chun cinn ar roinnt de na himscrúduithe mórscála atá idir lámha aige faoi láthair, go háirithe iad sin a bhaineann le TikTok.
Chuir an t-aitheasc a thug Helen Dixon, an Coimisinéir um Chosaint Sonraí, leis an teagmháil dhearfach leanúnach atá ar bun idir an Coimisiún agus Coiste LIBE ó thug toscaireacht ón gCoiste cuairt ar oifigí an Choimisiúin i mí Mheán Fómhair anuraidh. Ag fáiltiú di roimh an deis chun aird a tharraingt ar obair rathúil forfheidhmiúcháin an Choimisiúin go dtí seo, rinne an Coimisinéir Dixon machnamh ar chineál cuiditheach úsáideach na teagmhála atá ar bun le Coiste LIBE de réir mar a fhéachann an dá chomhlacht, trína sainordú féin, “le forfheidhmiú cóir éifeachtach an dlí cosanta sonraí a bhrú chun cinn agus le cearta bunúsacha a chosaint”.
Bhí áthas ar an gCoimisinéir Dixon freisin freagra a thabhairt ar cheisteanna ó na Feisirí de Pharlaimint na hEorpa a bhí i láthair agus tuilleadh soiléire a thabhairt ar chineál agus scála obair an Choimisiúin.