Ráiteas ón gCoimisiún um Chosaint Sonraí maidir le hIntleacht Shaorga Meta

21st Mí Bealtaine 2025

Le dhá bhliain anuas, tá an Coimisiún um Chosaint Sonraí (an Coimisiún) ag déanamh dianchaidreamh le cuid mhór de na príomhchuideachtaí teicneolaíochta atá ar thús cadhnaíochta forbairtí intleachta saorga, go háirithe maidir le sonraí pearsanta aosach a úsáid chun Samhlacha Móra Teanga a oiliúint san Aontas Eorpach/sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch. Cé go nglacann sé leis go bhfuil sé casta go fóill gnéithe den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) a chur i bhfeidhm i leith na teicneolaíochta mearathraithí sin, chinntigh an Coimisiún, trí chaidreamh rialála, go dtuigeann cuideachtaí cad is gá a dhéanamh chun ardrioscaí agus dochar a laghdú do dhaoine aonair. Mar thoradh air sin, chuir roinnt cuideachtaí feabhsuithe agus coimircí breise cosanta sonraí chun feidhme sular sheol siad intleacht shaorga san Aontas Eorpach.

I mí an Mhárta 2024, chuir Meta an Coimisiún ar an eolas faoina phleananna chun a Shamhail Mhór Teanga a oiliúint trí úsáid a bhaint as ábhar poiblí ar chomhroinn aosaigh é ar Facebook agus Instagram ar fud an Aontais Eorpaigh/an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch. Tar éis dó caidreamh a dhéanamh le Meta agus súil a chaitheamh ar an gcomhfhreagras tosaigh, shainaithin an Coimisiún roinnt fadhbanna le cur i bhfeidhm beartaithe phleananna Meta.

Chuir an Coimisiún a chuid ábhar imní in iúl do Meta. Ina dhiaidh sin i mí an Mheithimh 2024, chuir Meta an Coimisiún ar an eolas faoina phleananna chun sos a chur ar a shamhail a oiliúint. Chomh maith leis sin, rinne an Coimisiún caidreamh lena chomhúdaráis mhaoirseachta sa Bhord Eorpach um Chosaint Sonraí (EDPB) trí Thuairim fhoirmiúil RGCS a lorg i mí Mheán Fómhair 2024. Agus Tuairim á lorg aige, bhí an Coimisiún ag iarraidh comhchuibhiú agus soiléire rialála a bhaint amach ar fud na hEorpa ar roinnt saincheisteanna tábhachtacha a bhaineann le samhlacha intleachta saorga a oiliúint agus a imscaradh. Sa Tuairim sin, a eisíodh i mí na Nollag 2024, tugadh critéir ghinearálta a bhaineann leis na nithe ar cheart d’údaráis mhaoirseachta Cosanta Sonraí iad a chur san áireamh agus measúnú á dhéanamh ar chomhlíonadh na próiseála sonraí pearsanta a dhéantar chun samhlacha intleachta saorga a fhorbairt agus a imscaradh.

Tar éis an Tuairim a fhoilsiú, rinne Meta athmheasúnú ar an togra uaidh, agus sholáthair sé doiciméadacht nuashonraithe don Choimisiún an 27 Bealtaine 2025 i leith a phleananna chun tús a chur lena shamhail nó lena shamhlacha intleachta saorga giniúna a oiliúint. Tar éis athbhreithniú a dhéanamh ar na tograí ó Meta, agus tar éis aiseolas a fháil ó na húdaráis mhaoirseachta eile san Aontas Eorpach/sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, rinne an Coimisiún roinnt moltaí do Meta maidir leis an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ann ar na cearta cosanta sonraí atá ag daoine aonair. D’fhreagair Meta go gníomhach do na hiarrataí ón gCoimisiún le linn an phróisis sin, agus bearta agus feabhsuithe suntasacha éagsúla á gcur chun feidhme aige, lenar áiríodh iad seo a leanas:

  • Fógraí nuashonraithe trédhearcachta a thabhairt d’úsáideoirí, lenar áiríodh fógraí sonracha a thabhairt do gach úsáideoir sa bhliain 2024 agus sa bhliain 2025 araon;
  • Leagan nuashonraithe níos so-úsáidte den Fhoirm Agóide a eisiúint;
  • Tréimhse fógra níos faide a thabhairt d’úsáideoirí, mar aon le faisnéis a sholáthar faoi na rialuithe atá ar fáil chun na postálacha foilsithe uile a athrú ó phostálacha poiblí ina bpostálacha príobháideacha ionas nach n-úsáidfear iad chun an tsamhail a oiliúint;
  • A chinntiú go n-oibríonn Foirmeacha Agóide laistigh den aip agus i ngach dlínse ar fud na hEorpa;
  • Rochtain a thabhairt ar an bhFoirm Agóide ar feadh níos mó ná bliain amháin;
  • Nuashonrú a dhéanamh ar na bearta atá ar bun aige chun ábhair sonraí a chosaint, amhail dí-shainaithint, tacair sonraí a scagadh, agus scagairí aschuir; agus
  • Nuashonrú a dhéanamh ar a mheasúnuithe riosca agus ar an doiciméadacht riachtanach eile faoi RGCS, amhail an Measúnú Leasa Dhlisteanaigh, an Measúnú Tionchair ar Chosaint Sonraí agus an Measúnú Comhoiriúnachta uaidh.

Mar chuid dár bhfaireachán leanúnach, chuir an Coimisiún ceanglas ar Meta tuarascáil a thiomsú ina leagfaí amach, i measc nithe eile, meastóireacht nuashonraithe ar a éifeachtúla agus a chuí atá na bearta agus na coimircí a thug sé isteach maidir leis an bpróiseáil atá ar bun. Táthar ag súil leis go bhfoilseofar an tuarascáil sin i mí Dheireadh Fómhair 2025.

Leanann an Coimisiún le faireachán gníomhach a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na bhFoirmeacha Agóide (agus ar an bhfaisnéis a thugtar d’úsáideoirí) chun a chinntiú go bhfuil deis ag gach duine lena mbaineann agóid a dhéanamh i gcoinne phróiseáil a bpostálacha poiblí (ní thagann postálacha príobháideacha faoi raon feidhme na hoibre sin). Beidh fógraí faighte ag úsáideoirí ar Facebook agus Instagram á rá conas is féidir leo agóid a dhéanamh i gcoinne na próiseála sin. Beidh faisnéis faighte acu freisin maidir leis an dóigh a ndéanann an oiliúint intleachta saorga difear dá sonraí pearsanta agus maidir leis na bearta eile is féidir leo a dhéanamh chun a chinntiú nach n-úsáidfear a gcuid sonraí chun na críche sin. Mar shampla, is féidir leo a bpostálacha poiblí uile a shocrú mar phostálacha príobháideacha. 

Meabhraíonn an Coimisiún do gach duine aonair a úsáideann na meáin shóisialta agus ardáin Idirlín a gcuid socruithe agus rialuithe príobháideachta a athbhreithniú go tráthrialta ionas go leanfaidh siad lena sainroghanna pearsanta a léiriú.

Leanfaidh an Coimisiún le measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh i measc na gcuideachtaí uile sa réimse seo, agus leanfaidh sé freisin le leas a bhaint as an raon iomlán feidhmeanna rialála atá aige, de réir mar is gá. Is é an sprioc atá againn ag an gcéim réamhphróiseála ná a chinntiú go nuálfaidh cuideachtaí ar bhealach freagrach, go maolóidh siad an dochar sainaitheanta agus na rioscaí sainaitheanta do dhaoine aonair, agus go ndéanfaidh siad breithniú cuí ar na cearta atá ag ábhair sonraí trí chearta bunúsacha agus leasanna cuideachtaí a chothromú agus a chosaint. Ag gníomhú dó mar Phríomhúdarás Maoirseachta do chuid mhór de na mórchuideachtaí teicneolaíochta domhanda, leanann an Coimisiún le rialáil chothrom, chomhsheasmhach agus chomhleanúnach a dhéanamh, agus é ag iarraidh a chinntiú go gcaitear ar an modh céanna le gach eintiteas atá ag gabháil do shamhlacha intleachta saorga a fhorbairt agus a imscaradh ar fud an Aontais Eorpaigh/an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch.