Cuireann DPC na hÉireann dréacht-chinneadh Airteagail 60 isteach maidir le fiosrúchán ar TikTok

13th Mí Meán Fomhair 2022

Ar an 13 Meán Fómhair 2022 chuir an Coimisún um Chosaint Sonraí (DPC) dréacht-chinneadh maidir le fiosrúchán mórscála ar TikTok Technology Limited faoi bhráid Údarás Maoirseachta Bainteacha eile trasna an AE. Cuireadh tús leis an bhfiosrúchán seo i Meán Fómhair 2021 agus scrúdaigh sé próiseáil áirithe a rinne TikTok ar shonraí pearsanta leanaí. Díríonn an Fiosrúchán ar phróiseáil sonraí pearsanta de chuid úsáideoirí ar leanbh iad i gcomhthéacs socruithe an ardáin TikTok, go háirithe an tslí inar próiseáladh socruithe ardáin dá leithéid go poiblí de réir réamhshocraithe maidir le cuntais úsáideoirí faoi 18, agus bearta fíoraithe aoise do dhaoine faoi 13. Measann an fiosrúchán chomh maith ar chomhlíon nó nár chomhlíon TikTok oibleagáidí trédhearcachta an GDPR i gcomhthéacs próiseáil sonraí pearsanta úsáideoirí faoi 18.

Dúirt Leas-Choimisinéir, Graham Doyle:

“Mar Phríomhúdarás Maoirseachta an AE le haghaidh TikTok, d’oscail an DPC an fiosrúchán seo i Meán Fómhair 2021. Chuir an DPC ár ndréacht-chinneadh faoi bhráid ár gcomhghleacaithe inniu chun a dtuairimí a fháil air. Is cuid den phróiseas faoi Airteagail 60 den GDPR é seo, ina sheolann an DPC dréacht-