Treoir maidir le ceadanna aipe a sheiceáil

31st Mí Iúil 2019

Úsáideann formhór na ndaoine aipeanna ar ghléasanna móibíleacha gach lá ar chúiseanna éagsúla. Cosúil le cuid mhór seirbhísí eile, teastaíonn aipeanna sonraí pearsanta go minic chun an tseirbhís atá ag teastáil ó chustaiméirí, agus go bhfuil custaiméirí ag súil léi, a chur ar fáil.

Rinne tuairiscí sna meáin cumarsáide le déanaí aird a tharraingt ar cén sonraí pearsanta a bhailíonn agus a stórálann aipeanna nuair a úsáideann tú iad. Cé gur uirlisí úsáideacha agus siamsaíochta iad aipeanna, moltar duit seiceáil a dhéanamh ar cén rochtain a thugann tú d’aip nuair a iarrann sí ceadanna áirithe. Uaireanta is féidir athbhreithniú a dhéanamh ar seo tar éis duit an aip a shuiteáil.

D’fhéadfadh aipeanna éagsúla iarratas a dhéanamh ar leibhéil éagsúla rochtana ar shonraí pearsanta nó próisis feiste a úsáideann sonraí pearsanta, ag brath ar chuspóirí próiseála na heagraíochta. Tá sé tábhachtach bheith ar an eolas faoin fhaisnéis a iarrtar uait agus cinntiú go bhfuil eolas agat ar do chearta maidir le próiseáil na faisnéise seo.

Ba cheart d’aipeanna rochtain a fháil ar na sonraí nó ar an ngné feiste amháin atá ag teastáil uathu chun an tseirbhís a thugann siad a chur ar fáil. Ba cheart dóibh cead a iarraidh chun é seo a dhéanamh. D’fhéadfadh go n-áirítear leis seo rochtain le haghaidh feidhmiúlacht na haipe, sonraí teagmhála, suíomh, braiteoir feiste ar nós compás nó brathadóir gluaiseachta, le haghaidh cuspóirí slándála, nó le haghaidh cúiseanna margaíochta. Ba cheart dóibh míniú, áfach, cén fáth a theastaíonn uathu na sonraí nó an ghné feiste a úsáid. Ní cheart dóibh úsáid a bhaint as cúiseanna cineálacha nó caighdeánacha, mar a sholáthraíonn gléasanna go coitianta chun míniú a thabhairt ar na cúiseanna áirithe a bhfuil na sonraí nó an ghné feiste ag teastáil uathu. Chomh maith leis seo, d’fhéadfaí an rogha a chur ar fáil go bhfaigheadh an aip an rochtain seo chomh fad is a bhfuil an aip in úsáid amháin, in ionad an rochtain a fháil go leanúnach.

Tá treoracha curtha amach ag Android agus IOS araon maidir le ceadanna aipe. D’fhéadfadh na treoracha seo bheith úsáideach má tá tú ag iarraidh tuiscint cén fáth go bhfuil aip ag iarraidh rochtain a fháil ar do chuid faisnéise, nó conas agus cathain ba cheart dóibh cead a fháil chun é seo a dhéanamh.

Chun rochtain a cheadú ar aipeanna ar d’fheistí

Nuair atá tú ag smaoineamh ar chlárú le haghaidh aip ar bith, ba cheart duit:

  • Cinntiú ar dtús cad a tharlaíonn le do chuid sonraí pearsanta – cén fáth go bhfuil siad ag teastaíl ón aip?;
  • Bheith ar an eolas faoi cén rochtain atá á thabhairt agat d’aipeanna agus iad á íoslódáil agat ar d’fheiste;
  • Cinntiú nach gcuireann tú aon fhaisnéis pearsanta ar fáil go dtí go dtuigeann tú agus go bhfuil tú sásta le conas a úsáidfear an fhaisnéis seo;
  • Athbhreithniú a dhéanamh ar do cheadanna rochtana sna socruithe ar d’fheiste; agus
  • Mura bhfuil tú sásta, smaoinigh ar gan an aip a shuiteáil nó ar eiteachas a thabhairt ar an gcead a iarrann sí nuair a shuiteálann tú í nó tar éis é seo.