An luaitear é sin sa Rialachán Ginearálta dáiríre?

27th March 2019

Is annamh a spreagann dlí nua an oiread sin spéise agus díospóireachta ar fud an phobail i gcoitinne. Mar a tharlaíonn sé, áfach, b’amhlaidh, sa tréimhse roimh an 25 Bealtaine 2018 agus sna míonna ina dhiaidh sin, go raibh an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (an Rialachán Ginearálta) i mbéal an phobail. Tá an chuma air go bhfuil scéal iontach ag gach duine faoi cén ghníomhaíocht a bhfuil cosc uirthi anois de bharr an Rialacháin Ghinearálta. Bhí scéalta aisteacha ann – amhail an teagmhas inar dhiúltaigh gruagaire d’insint do chustaiméir cén ruaim ghruaige a úsáideadh uirthi. Bhí scéalta arbh ábhair imní iad ann freisin – amhail an maíomh go mbíonn paraimhíochaineoirí agus gairmithe eile cúram sláinte ag streachailt lena jab a dhéanamh mar thoradh ar an Rialachán Ginearálta (pléitear iad thíos).

Cé gur minic is féidir leis na scéalta sin ceannlínte maithe a dhéanamh nó comhráite suimiúla a spreagadh, cuid thábhachtach de ról an Choimisiúin um Chosaint Sonraí (an Coimisiún) is ea feasacht a mhéadú ar a bhfuil sa dlí um chosaint sonraí – agus is é atá i gceist leis sin soiléiriú a thabhairt ar na nithe a luaitear agus na nithe nach luaitear sa Rialachán Ginearálta dáiríre! Sa tsraith postálacha blag seo, féachfaimid le solas a chaitheamh ar roinnt de na ráflaí, na miotais agus na míthuiscintí ar thángamar orthu le déanaí maidir leis an Rialachán Ginearálta agus le cosaint sonraí i gcoitinne.

Níl sé mar aidhm leis an mblag seo anailís theicniúil chuimsitheach a thabhairt ar na miotais ba mhaith linn a bhréagnú thíos. Más gá, beidh léitheoirí in ann tuilleadh faisnéise faoin dlí um chosaint sonraí a fháil sna rannáin Daoine aonair’,Eagraíochtaí, agus Treoir’ ar shuíomh Gréasáin an Choimisiúin, rud a mbímid ag cur leis ar bhonn leanúnach.

Tá sé tábhachtach a thabhairt ar aird nach forbairt nua ná forbairt nach rabhthas ag coinne léi atá sna prionsabail a leagtar síos sa Rialachán Ginearálta. Tríd is tríd, is amhlaidh gurb ionann bunrialacha an Rialacháin Ghinearálta agus na rialacha atá ann sa dlí um chosaint sonraí le 30 bliain anuas, go háirithe na boinn chirt dhlíthiúla faoin Rialachán Ginearálta lena bhforáiltear do phróiseáil (amhail úsáid agus comhroinnt) sonraí pearsanta.

Cad a luaitear iarbhír sa Rialachán Ginearálta, tríd is tríd? Cén fáth a bhfuil an chuma air go gcuirtear cosc leis an Rialachán Ginearálta ar an oiread sin nithe?

Ar an gcéad dul síos, níl sé mar aidhm leis an Rialachán Ginearálta cosc nó bac a chur ar shonraí pearsanta a úsáid agus a chomhroinnt ar bhealach dlisteanach dleathach (‘próiseáil’ sonraí pearsanta i dtéarmaí teicniúla). Dáiríre, leagtar béim sa Rialachán Ginearálta nach mór an phróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta “a bheith ceaptha ar chaoi agus go rachadh sí chun leas an duine”. I bhfocail eile, ní mór críocha tábhachtacha a chomhlíonadh léi – agus is amhlaidh gur cuspóir ríthábhachtach de chuid an Rialacháin Ghinearálta é an saorshreabhadh sonraí pearsanta. Is amhlaidh (tríd is tríd) go bhfuil áibhéil ollmhór déanta sna ráflaí á rá go mbeadh athruithe ó bhun á ndéanamh leis an Rialachán Ginearálta trí chosc a chur ar chleachtais áirithe agus ar shamhlacha áirithe gnó.

Tugtar píosa reachtaíochta ‘atá bunaithe ar phrionsabail’ ar an Rialachán Ginearálta. Ciallaíonn sé sin nach ndírítear sa Rialachán Ginearálta ar úsáidí sonracha sonraí pearsanta ná ar chomhthéacsanna áirithe. Ina ionad sin, leagtar rialacha ardleibhéil áirithe amach ann. Cuimsíonn siad teorainneacha agus oibleagáidí atá dírithe orthu sin a phróiseálann sonraí pearsanta (rialaitheoirí sonraí). Chomh maith leis sin, tugtar cearta éagsúla leis an Rialachán do dhaoine aonair a bpróiseáiltear a sonraí pearsanta (ábhair shonraí). Is é an aidhm atá leis na cearta sin cabhrú leo an dóigh a n-úsáidtear a sonraí pearsanta a rialú agus a áirithiú gur úsáidí dleathacha trédhearcacha iad na húsáidí sin.

Dar linn, is tacar ciallmhar rialacha é an dlí um chosaint sonraí. Mar sin féin, baintear an bonn óna chreidiúnacht nuair nach bhfeidhmítear i gceart é. Tháinig mearbhall chun cinn in amanna. Tríd is tríd, tá sé ag teacht chun cinn i gcásanna nach dtuigeann rialaitheoirí sonraí an Rialachán Ginearálta iontu nó i gcásanna inar cuireadh droch-chomhairle orthu. Tá sé ag teacht chun cinn freisin i gcásanna ina bhfuil daoine ag úsáid an Rialacháin Ghinearálta chun nach mbeadh orthu a dhéanamh amach conas ba cheart an dlí a chomhlíonadh agus cabhrú lena gcuid custaiméirí, cliant nó comhghleacaithe, i measc daoine eile.

Mar sin de, is gnách nach cruinn a rá “go gcuirtear cosc ar ghníomhaíocht X leis an Rialachán Ginearálta” “nach féidir gníomhaíocht Y a dhéanamh de bharr an Rialacháin Ghinearálta” mar gurb amhlaidh, i bhformhór na gcásanna a ndeirtear na nithe sin iontu, nach ndearnadh aon anailís chun a fháil amach an bhfuil nó nach bhfuil bac dlíthiúil ann sa Rialachán Ginearálta ar na gníomhaíochtaí próiseála atá i gceist.

An bhfuil sé fíor go bhfuil cosc ar mo ghruagaire, mar thoradh ar an Rialachán Ginearálta, a insint dom cén ruaim ghruaige a úsáideadh orm?

Scéal fíorspéisiúil ‘Cad a rinne an Rialachán Ginearálta an babhta seo?’ ba ea an scéal inar chuir custaiméir glao ar a gruagaire chun a fhiafraí di cén cineál ruaim ghruaige a úsáideann sí mar go raibh ar an gcustaiméir dul chuig gruagaire eile (toisc go raibh sí ag iarraidh go réiteofaí a cuid gruaige go tapa agus nár éirigh léi coinne a fháil lena gnáthghruagaire) agus gur mhaith léi a chinntiú go mbeadh an ruaim ghruaige chéanna ag an ngruagaire eile. Is cosúil gur dhiúltaigh a gnáthghruagaire don fhaisnéis sin a thabhairt don chustaiméir “mar thoradh ar an Rialachán Ginearálta” agus go ndúirt an gruagaire léi go mbeadh uirthi iarraidh fhoirmiúil i scríbhinn a chur chuig ceanncheathrú ghnólacht an ghruagaire.

Ónár dtaobh féin de, b’iarraidh shimplí ar fhaisnéis í sin ó chustaiméir. Ní raibh le déanamh ag an ngruagaire ach coimeádán na ruaime gruaige a sheiceáil agus an branda agus an dath a chur in iúl don chustaiméir. D’fhéadfadh fiú go raibh sí in ann freagra a thabhairt ó bharr a cinn (mura miste leat an t-imeartas focal) ar an gceist ón gcustaiméir.

Tá sé tábhachtach a thabhairt ar aird nach ionann gach iarraidh ar fhaisnéis agus iarraidh rochtana ar shonraí pearsanta faoin Rialachán Ginearálta, go háirithe i gcás inar léir nach raibh sé beartaithe ag an gcustaiméir, agus nár chuir sé nó sí in iúl gur mhaith leis nó léi, iarraidh den sórt sin a dhéanamh. Sa chás seo, chuir an custaiméir in iúl fiú nár mhaith léi go gcaithfí leis an iarraidh mar iarraidh rochtana! Ní mór d’eagraíochtaí cur chuige ciallmhar a ghlacadh agus a chinntiú nach mbreathnaíonn siad go hearráideach ar gach iarraidh ar fhaisnéis nó ar chúnamh mar iarraidh rochtana ó ábhar sonraí ar shonraí pearsanta, go háirithe i gcás nach gcuireann an duine aonair in iúl in aon chor gurb é sin an rud a bhí uaidh nó uaithi.

An bhfuil cosc ar an mbriogáid dóiteáin, mar thoradh ar an Rialachán Ginearálta, a insint do chuideachta bainistíochta an ndeachaigh nó nach ndeachaigh árasán trí thine?

Chualamar le déanaí freisin faoi chás na cuideachta bainistíochta maoine a fuair bille as glaoch amach ón mbriogáid dóiteáin chuig ceann amháin dá bloic árasán. Nuair a chuir sí glao ar an stáisiún dóiteáin chun a sheiceáil an raibh nó nach raibh tine ann, áfach, insíodh di nach bhféadfaí an fhaisnéis a chomhroinnt leo “mar thoradh ar an Rialachán Ginearálta”.

Sa chás seo, bhí an chuideachta ag iarraidh a fháil amach go bunúsach cé acu ba mar thoradh ar thinte minice ina hárasáin nó mar thoradh ar rabhaidh bhréige a bhí sí ag fáil billí as glaoch amach ón mbriogáid dóiteáin. Ní raibh sí ag iarraidh aon fhaisnéise a bhain go díreach nó go hindíreach le tionóntaí nó áititheoirí na maoine sin.

Ní raibh sonraí pearsanta i gceist lena rabhthas ag iarraidh. Ina ionad sin, bhíothas ag iarraidh faisnéis fhíorasach faoi cé acu a bhí an glaoch amach bunaithe ar thine fhíor nó a bhí sé bunaithe ar rabhadh bréige. Ní rabhthas ag iarraidh aon fhaisnéise a bhain le haon duine aonair. Ní raibh ann ach iarraidh ar shoiléiriú faoi theagmhas. Níl feidhm ag an Rialachán Ginearálta ach amháin maidir le sonraí pearsanta – a chuimsíonn faisnéis a bhaineann le duine aonair beo.

Is léir nach rabhthas ag iarraidh sonraí pearsanta anseo. Dá bhrí sin, cé go bhféadfadh go raibh cúis éigin eile ag an mbriogáid dóiteáin le diúltú dá dheimhniú an raibh nó nach raibh tine ann, níorbh é an Rialachán Ginearálta an chúis a bhí leis! Is sampla é sin de chás ina meastar go hearráideach go gcuirtear cosc ar ní éigin mar thoradh ar an Rialachán Ginearálta, cé nach raibh feidhm ar bith aige maidir leis dáiríre. Is maidir le sonraí pearsanta amháin atá feidhm ag an dlí um chosaint sonraí agus níl feidhm aige maidir le faisnéis neamhphearsanta.

An gcuireann an Rialachán Ginearálta isteach ar pharaimhíochaineoirí atá ag iarraidh a jab a dhéanamh?

Ceann de na treochtaí is mó buairt ar thángamar orthu sa Choimisiún is ea go mbíonn an Rialachán Ginearálta á lua mar chúis a mbíonn paraimhíochaineoirí agus gairmithe eile cúram sláinte ag streachailt lena jab a dhéanamh. Ar ndóigh, is é an aidhm atá leis an Rialachán Ginearálta agus le dlíthe eile cosanta sonraí ná cosaint a thabhairt don cheart bunúsach atá ag daoine aonair chun go gcosnófar a sonraí pearsanta. Mar sin féin, cuirtear in iúl go han-soiléir sa Rialachán Ginearálta nach ceart glan é sin, nach mór é a bhreithniú i dtaca lena fheidhm sa tsochaí agus nach mór é a chothromú le cearta eile. Ní chuireann na rialacha cosanta sonraí isteach ar an úsáid dhlisteanach sonraí pearsanta, lena n-áirítear sonraí leighis nó sonraí sláinte, nuair atáthar ag soláthar cúram sláinte nó cóireáil leighis.

Mar a tharlaíonn, ceann amháin de na boinn chirt (‘bunúis dlí’) le sonraí pearsanta a phróiseáil faoin Rialachán Ginearálta is ea leasanna ríthábhachtacha daoine aonair a chosaint (is iad sin, beatha, sláinte agus folláine daoine aonair). Tá sé tábhachtach a lua freisin go bhfuil feidhm ag cosaintí speisialta maidir leis an bpróiseáil ‘catagóirí speisialta’ íogaire sonraí pearsanta, lena n-áirítear sonraí a bhaineann leis an tsláinte, amhail taifid leighis. B’amhlaidh an scéal sin i gcás an dlí a raibh feidhm aige sular tháinig an Rialachán Ginearálta in éifeacht. Chun na catagóirí sonraí sin a phróiseáil, teastaíonn leibhéal breise boinn chirt dhlíthiúil chun a mhíniú cén fáth a bhfuil sé riachtanach na sonraí pearsanta a bhaineann go sonrach leis an tsláinte a phróiseáil sna cúinsí. Bonn cirt amháin den sórt sin is ea cásanna ina bhfuil an phróiseáil riachtanach chun leasanna ríthábhachtacha an duine aonair a chosaint agus ina bhfuil sé nó sí neamhábalta toiliú a thabhairt.

Bhain na saincheisteanna le hábhar i gcás a tháinig ar aird an Choimisiúin le déanaí. Ba é a bhí i gceist leis gur glaodh paraimhíochaineoir amach chuig teach altranais chun cúram a thabhairt do chónaitheoir a bhí neamh-chomhfhiosach agus a raibh cúnamh leighis ag teastáil ina leith. Ar rochtain a iarraidh ar stair leighis an chónaitheora, bhíothas imníoch faoin stair a chomhroinnt leis an bparaimhíochaineoir mar thoradh ar an Rialachán Ginearálta. Cúis imní don Choimisiún atá sna cásanna sin. Is amhlaidh sin mar go raibh bonn cirt dlíthiúil soiléir ann leis na sonraí pearsanta a bhaineann leis an tsláinte a nochtadh don pharaimhíochaineoir, mar atá chun sláinte agus beatha – leasanna ríthábhachtacha – an duine neamh-chomhfhiosaigh a chosaint Níor cheart ceanglais dlí cosanta sonraí ná an Rialachán Ginearálta a úsáid choíche chun bac a chur ar chóireáil leighis riachtanach phráinneach den sórt sin a chur ar fáil.

Tá sé an-tábhachtach a thuiscint nach gcuirtear cosc ná bac leis an Rialachán Ginearálta ar shonraí leighis nó sonraí sláinte a chomhroinnt. An rud a dhéanann sé, áfach, is ea ceangal a chur ar eagraíochtaí breithniú a dhéanamh roimh ré agus ag leibhéal beartais ar conas ba cheart dóibh cleachtais den sórt sin a sheoladh le linn dóibh a áirithiú go gcosnaítear sonraí pearsanta go leordhóthanach. Fágann sé sin nach mór d’eagraíochtaí eolas a chur ar an Rialachán Ginearálta agus a dhéanamh amach cé na socruithe, na córais nó na beartais nach mór dóibh a chur i bhfeidhm chun na rialacha sa Rialachán Ginearálta a chomhlíonadh, gan sábháilteacht othar a chur i gcontúirt ag an am céanna.

Ar cuireadh deireadh le scéimeanna pobalbhunaithe TCI mar thoradh ar an Rialachán Ginearálta?

Ba shaincheist í sin a tharraing a lán airde le bliain anuas agus bhí imní fhairsing ann go gcuirfí cosc ar oibriú leantach na scéimeanna pobalbhunaithe TCI sa todhchaí mar thoradh ar na rialacha nua agus na hoibleagáidí nua a thabharfaí isteach leis an Rialachán Ginearálta. Mar atá luaite againn thuas, ní chuireann an Coimisiún cosc ar ghníomhaíochtaí sonracha agus is cinnte nach gcuireann sé cosc ar na scéimeanna pobalbhunaithe TCI.

D’eisíomar treoir maidir le scéimeanna pobalbhunaithe TCI le déanaí chun a mhíniú nach dtugtar isteach leis an Rialachán Ginearálta aon bhacainní nua le scéimeanna den sórt sin a shuiteáil agus gur i bhfeidhm in Éirinn le geall le tríocha bliain anuas atá an ceanglas go dtugtar bonn cirt dlíthiúil leis na scéimeanna sin.

Ní chuirtear cosc leis an reachtaíocht um chosaint sonraí ar scéimeanna pobalbhunaithe TCI atá údaraithe ag Coimisinéir an Gharda Síochána a chur i bhfeidhm. A luaithe atá an t-údarás áitiúil sa limistéar riaracháin lena mbaineann toilteanach leis na freagrachtaí atá air mar rialaitheoir sonraí do na scéimeanna atá i gceist a ghlacadh agus a sholáthar, níl aon bhac dlíthiúil ann faoin reachtaíocht um chosaint sonraí leis an scéim a thosú.

Is féidir le scéim phobalbhunaithe TCI a lán buntáistí a sholáthar. Faoi mar atá amhlaidh i gcás gach cineáil faireachais, áfach, tá sé ríthábhachtach go reáchtáiltear an scéim ar bhealach cothrom dleathach lena gcosnaítear cearta bunúsacha agus saoirsí daoine aonair.