Ceisteanna Coitianta
Tá fógra dola faighte agam ó eFlow. Conas a fuair eFlow mo mhionsonraí?
Chun bóithre dola agus an dola atá saor ó bhacainní ar an M50 a úsáid, is gá táille a íoc le eFlow, a oibríonn an córas dola. Is ainm gnó cláraithe de chuid Bhonneagar Iompair Éireann (TII) é eFlow. Is féidir an táille a íoc ar bhealaí éagsúla. Más rud é, áfach, nach n-íocann duine aonair an táille tar éis an dola a úsáid nó go ndéanann sé/sí íocaíocht dhéanach, gheobhaidh sé/sí fógra dola.
Is iad uimhreacha cláraithe feithicle na príomhaitheantóirí a n-úsáideann eFlow iad le haghaidh dolaí a thaifeadadh agus a mhuirearú. Meastar gur sonraí pearsanta iad uimhreacha cláraithe feithicle toisc gur féidir an t-úinéir cláraithe a shainaithint óna (h)uimhir chláraithe feithicle.
Is ann do bhunús reachtach do rochtain a bheith ag an údarás bóithre ar na taifid cheadúnúcháin de chuid daoine aonair chun críocha na muirear dola (alt 64A d’Acht na mBóithre, 1993, arna leasú le hAcht na mBóithre, 2007 (34/2007)).