Ceisteanna Coitianta
Rinne eagraíocht gnóthaithe fiach teagmháil liom maidir le híocaíocht a dhéanamh as cáin ar allmhairiú a bhaineann le ceannachán thar lear a rinne mé tamall ó shin. Conas a fuair an eagraíocht sin mo mhionsonraí?
Ní hé atá in íocaíocht a dhéanamh as dleacht ar allmhairiú is iníoctha faoi dhlí cánach na hÉireann, ag teacht sna sála ar sheachadadh earraí, ná íocaíocht is cúis le haon saincheisteanna cosanta. Is fiach dlisteanach é a bhíonn le híoc. I gcás nach n-íoctar an fiach, is féidir go bhféachfaidh seirbhísí seachadta beartán le gníomhaireachtaí bailithe fiach a úsáid chun an t-airgead atá dlite a bhailiú.
Faoi Airteagal 6 den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS), ní mór do rialaitheoir sonraí bunús dlí a bheith aige do na sonraí pearsanta de chuid ábhar sonraí a phróiseáil (lena n-áirítear na sonraí pearsanta sin a úsáid chun fiach neamhíoctha a ghnóthú). Foráiltear le RGCS go bhféadfaidh rialaitheoir sonraí na seirbhísí de chuid fochonraitheora/gníomhaire a fhostú chun sonraí pearsanta a phróiseáil thar a cheann chun críocha éagsúla.
Ó am go chéile, fostóidh rialaitheoirí sonraí gníomhaire tríú páirtí chun fiach a ghnóthú thar a gceann, rud atá ceadaithe faoi RGCS. Tugtar ‘próiseálaí’ ar ghníomhaire den sórt sin chun críocha an dlí um chosaint sonraí. Chun tríú páirtí a fhostú chun cabhrú leis an bhfiach a ghnóthú, beidh ar an rialaitheoir sonraí sonraí pearsanta áirithe a chur ar aghaidh chuig an ngníomhaire gnóthaithe fiach.
Ní éilítear toiliú an ábhair sonraí chun an gníomhaire sin a fhostú. Ní mór don rialaitheoir sonraí a bheith in ann, áfach, a shonrú cén bunús dlí atá aige faoi Airteagal 6 RGCS do shonraí pearsanta an fhéichiúnaí a chomhroinnt agus ní mór dó a bheith in ann a thaispeáint gur ar aon dul leis an gcríoch bhunaidh ar chuici a próiseáladh na sonraí a bhí nochtadh na sonraí pearsanta sin.