Ceisteanna Coitianta
Nuair atáim ag freastal ar ócáid phoiblí, an bhféadfaidh na heagraithe grianghraif phromóisin a thógáil díom gan mo thoiliú a fháil?
Is ionann íomhánna de dhaoine aonair agus “sonraí pearsanta” faoin Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS). Is é atá in íomhá duine aonair a ghabháil agus san íomhá sin a úsáid ina dhiaidh sin ná próiseáil sonraí pearsanta de réir bhrí RGCS. Faoi mar atá amhlaidh i gcás aon phróiseála sonraí pearsanta, ní mór bunús dlí faoi na creataí reachtacha um chosaint sonraí a bheith ann d’íomhánna in-sainaitheanta de dhaoine a thaifeadadh. Tá an ceart ag daoine aonair go bpróiseálfaí a sonraí pearsanta ar bhealach a gcomhlíonann an dlí um chosaint sonraí.
Foráiltear le hAirteagal 5(1)(a) RGCS go ndéanfar sonraí pearsanta “a phróiseáil ar bhealach atá dleathach, cothrom agus trédhearcach”. Is ann do shé bhunús dlí do shonraí pearsanta a phróiseáil faoi RGCS agus ní mór do rialaitheoir sonraí a chinntiú go mbeidh sé in ann brath ar cheann amháin de na bunúis dlí sin sula bhféadfaidh sé na sonraí pearsanta a phróiseáil.
Féadfaidh an toiliú ó dhuine aonair le próiseáil a shonraí pearsanta nó a sonraí pearsanta a bheith ina bhunús dlí do shonraí a phróiseáil. Is féidir nach mbeidh sé sin inchurtha chun feidhme go praiticiúil i gcás mór-ócáidí poiblí mar a bhfuiltear ag tógáil grianghraif phromóisin mar chuid de sheat den ghrúpa, áfach, toisc go mbeidh sé doiligh an toiliú saorthugtha a fháil ó gach duine ar dóigh dóibh a bheith i ngrianghraif.
Is féidir go bhféachfaidh rialaitheoirí sonraí le brath ar bhunús dlí na “leasanna dlisteanacha”, is é sin le rá gur shainaithin siad leas dlisteanach is mian leo a shaothrú, mar atá grianghraif phromóisin a thógáil sa chás seo, agus go bhféachfaidh siad lena thaispeáint go bhfuil próiseáil bheartaithe shonraí pearsanta an ábhair sonraí riachtanach chun go mbainfear amach a leas dlisteanach arb é atá ann an grianghraf a fhoilsiú chun rath a n-ócáide a léiriú.
Ní mór do rialaitheoir sonraí a thaispeáint go ndéanfaidh sé an leas dlisteanach a chothromú in aghaidh leasanna, chearta agus shaoirsí na n-ábhar sonraí. Chun déanamh amhlaidh, ní mór do rialaitheoir sonraí pearsanta na n-ábhar sonraí a phróiseáil ar bhealach a mbeadh siad ag súil leis le réasún agus a mbeadh tionchar íosta aige ar a bpríobháideacht, de bhua chineál na próiseála nó de bhua na gcoimircí arna dtabhairt isteach.
Ó thaobh na praiticiúlachta de, moltar ag ócáidí móra go mbeadh fógraí i scríbhinn i bhfeidhm ina dtugtar eolas don lucht freastail faoin rún chun grianghraif a thógáil, faoin gcríoch ar chuici atá an grianghraf a thógáil agus faoi úsáid bheartaithe na híomhá. Moltar ag ócáidí beaga go n-iarrfaí toiliú an lucht freastail, bíodh sé i scríbhinn nó trí mhodh a thabhairt isteach ar ar féidir toiliú ó na freastalaithe sin a bhféadfar grianghraif a thógáil díobh a shainaithint. Ag comhdháil, mar shampla, d’fhéadfaí láinnéir ghlasa a thabhairt dóibh sin a thoilíonn le grianghraif a bheith á dtógáil díobh le linn na comhdhála agus d’fhéadfaí láinnéir dhearga a thabhairt dóibh sin nach dtoilíonn leis sin.