Ceisteanna Coitianta
An bhféadfaidh údaráis áitiúla teilifís ciorcaid iata (TCI) a úsáid chun cabhrú le hiompraíocht fhrithshóisialta agus dumpáil neamhdhleathach a chomhrac?
Féadfaidh. Féadfaidh Údaráis Áitiúla córais TCI a úsáid mar chuid de na hiarrachtaí a dhéanann siad chun déileáil le hiompraíocht fhrithshóisialta agus le dumpáil neamhdhleathach araon faoi réir na céimeanna seo a leanas a leanúint:
- Sainaithin cuspóir sonrach le haghaidh TCI a imscaradh i láthair nó láithreacha ar leith.
- Déan measúnú tionchair ar chosaint sonraí atá sonrach don láithreán ar a riachtanaí agus a chomhréirí atá sé TCI a úsáid.
- Cuir gach ceanglas rialachais is gá chun feidhme, amhail ceadú foirmiúil a fháil ó Choimisinéir an Gharda Síochána nó ó Bhord Formhaoirseachta inmheánach.
- Cuir coimircí i bhfeidhm chun na cearta atá ag na daoine dá ndéanfar difear, agus ionracas agus rúndacht na sonraí pearsanta a thaifeadtar leis an gcóras, a chosaint.
- Déan faireachán leanúnach ar a éifeachtaí atá na coimircí, agus déan athbhreithniú ar a riachtanaí atá sé ceamaraí a imscaradh sa láthair shonrach.
Ón mbliain 2018 ar aghaidh, rinne an Coimisiún um Chosaint Sonraí roinnt imscrúduithe agus fiosrúchán ar úsáid teicneolaíochta faireachais ag comhlachtaí poiblí. Le linn na ngníomhartha sin, thángthas ar chásanna ar leith ina raibh ceamaraí TCI in úsáid ag Údaráis Áitiúla gan aon bhunús dleathach lena gcomhlíontar caighdeáin an bheachtais, na soiléire agus na hintuarthachta a cheanglaítear le dlí an Aontais Eorpaigh. Mar thoradh air sin, chuir an Coimisiún bearta ceartaitheacha chun feidhme, d’eisigh sé moltaí, agus chuaigh sé i gcomhairle leis an earnáil rialtais áitiúil chun úsáid teicneolaíochtaí den sórt sin a chur i gcomhréir leis an dlí cosanta sonraí.
Iompraíocht Fhrithshóisialta
Maidir le TCI a úsáid chun dul i ngleic leis an iompraíocht fhrithshóisialta, tugtar de chumhacht d’Údaráis Áitiúla scéim phobalbhunaithe TCI a cheadú lena húdarú ag Coimisinéir an Gharda Síochána faoi alt 38 d’Acht an Gharda Síochána, 2005, agus faoi Ordú an Gharda Síochána (Teilifís Ciorcaid Iata), 2006. Is é an príomhchuspóir atá le scéim phobalbhunaithe TCI ord poiblí agus sábháilteacht phoiblí a dhaingniú in áiteanna poiblí trí bhacadh, cosc, brath agus ionchúiseamh cionta a éascú. Ós rud é go bpróiseálfar sonraí pearsanta daoine aonair i gcás go n-imscarfar TCI ar an modh sin, ní mór ceanglais an dlí cosanta sonraí a chomhlíonadh freisin. Go háirithe, ní mór measúnú a dhéanamh ar a riachtanaí agus a chomhréirí atá an beart, agus leas an phobail in ord poiblí agus sábháilteacht phoiblí a chothabháil á chothromú leis an gcur isteach ar chearta cosanta sonraí agus príobháideachta na ndaoine den phobal dá ndéanfar difear.
Dumpáil Neamhdhleathach
Mar thoradh ar fhiosrúcháin a sheol an Coimisiún, cinneadh nach gcomhlíontar leis an reachtaíocht a mbraitheann Údaráis Áitiúla uirthi chun TCI a úsáid chun dul i ngleic le dumpáil neamhdhleathach (an tAcht um Bainistiú Dramhaíola, 1996, agus an tAcht um Thruailliú ó Bhruscar, 1997) na caighdeáin atá i ndlí an Aontais Eorpaigh maidir le bunús dleathach a sholáthar le haghaidh sonraí pearsanta a phróiseáil. Leigheasadh an bhearna reachtach sa chomhthéacs sin leis an Acht um an nGeilleagar Ciorclach agus Forálacha Ilghnéitheacha, 2022, trí fhoráil a dhéanamh d’úsáid dhleathach a bhaint as teicneolaíocht taifeadta, lena n-áirítear TCI, le haghaidh na reachtaíochta um thruailliú ó bhruscar agus bainistiú dramhaíola a fhorfheidhmiú faoi réir cóid chleachtais reachtúla. D’oibrigh an Coimisiún go dlúth leis an earnáil rialtais áitiúil chun trí chód cleachtais a fhorbairt d’údaráis áitiúla maidir le TCI agus gléasanna taifeadta móibíleacha a úsáid chun cionta áirithe a bhaineann le dramhaíl agus le truailliú ó bhruscar a imscrúdú agus a ionchúiseamh.
Agus na gníomhartha rialála sin á ndéanamh aige, bhí sé mar aidhm leis an gCoimisiún a chinntiú gurb amhlaidh, nuair a fhéachann Údaráis Áitiúla le réitigh theicneolaíocha a úsáid chun leas an phobail chun dul i ngleic le saincheisteanna amhail iompraíocht fhrithshóisialta agus dumpáil neamhdhleathach, go ndéanann siad amhlaidh ar mhodh a chloíonn leis na prionsabail um chosaint sonraí agus ar mhodh a dhéanann difear comhréireach do na cearta agus na saoirsí bunúsacha atá ag daoine aonair. Leis na sásraí rialachais a leagtar amach sa dlí le hAcht an Gharda Síochána, 2005, agus leis an Acht um an nGeilleagar Ciorclach agus Forálacha Ilghnéitheacha, 2022, tugtar creataí soiléire d’Údaráis Áitiúla chun scéimeanna agus córais TCI a chur chun feidhme mar chuid de raon beart atá ceaptha chun dul i ngleic le saincheisteanna ar ábhair imní iad, ar aon dul le ceanglais dhlí cosanta sonraí an Aontais Eorpaigh.
Cóid Chleachtais Údaráis Áitiúil faoin Acht um an nGeilleagar Ciorclach agus Forálacha Ilghnéitheacha, 2022:
An Cód Cleachtais maidir le TCI a Oibriú chun Cionta Bruscair a Chosc, a Bhrath agus a Ionchúiseamh