Ceisteanna Coitianta
Cad é an seasamh maidir le grianghraif/físeáin a bheith á dtógáil ag daoine aonair in áit phoiblí?
Ní ann d’aon ní sa Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) lena gcuirtear cosc ar dhaoine grianghraif a thógáil in áit phoiblí. Ar an gcoinníoll nach bhfuil aon duine á c(h)iapadh agat, is ceadmhach de ghnáth grianghraif a thógáil de dhaoine amuigh sa phobal agus is é is dóichí go gcáileoidh sé sin le haghaidh na díolúine tís atá faoi Airteagal 2(2)(c) RGCS.
Mar sin féin, d’fhéadfadh an rud a dhéanann tú leis an ngrianghraf sin teacht chun bheith ina shaincheist cosanta sonraí más rud é, mar shampla, go ndearnadh an grianghraf inar cuimsíodh sonraí pearsanta daoine aonair a dhíol le haghaidh brabús tráchtála nó a phostáil go poiblí ar chuntas meán sóisialta. Faoi na himthosca sin, is dóigh go measfar gur rialaitheoir sonraí thú, rud lena ngabhann a lán oibleagáidí agus dualgas faoin dlí um chosaint sonraí. Go háirithe, bheadh ort do bhunús dleathach do phróiseáil na sonraí pearsanta sin, i measc nithe eile, a thaispeáint faoi Airteagal 6(1) RGCS.