Ceisteanna Coitianta
Cad é an seasamh maidir le grianghrafadóireacht oifigiúil leanaí ag ócáidí scoile?
Is minic a thógann scoileanna grianghraif nó a fhostaíonn siad grianghrafadóirí chun freastal ar ócáidí a bhaineann leis an scoil chun ócáidí tábhachtacha a ghabháil. Is ann do shé bhunús dlí do shonraí pearsanta a phróiseáil faoin Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) agus ní mór do scoileanna a chinntiú go mbeidh siad in ann brath ar cheann amháin de na bunúis dlí sin sula bhféadfaidh siad na sonraí pearsanta a phróiseáil. Más rud é gur shainaithin scoil gurb é toiliú an bunús cuí dlí do ghrianghraif a thógáil agus a fhoilsiú i gcomhthéacs ar leith, beidh uirthi de ghnáth toiliú le déanamh amhlaidh a fháil ó chaomhnóirí dlíthiúla an linbh, ag brath ar aois an linbh.
Ó thaobh na praiticiúlachta de, i gcás gur mhaith le scoil grianghraif a thógáil le linn lá spóirt agus iad a fhoilsiú, d’fhéadfadh an scoil a chur in iúl do thuismitheoirí roimh ré go bhfuil grianghraif le tógáil le linn na hócáide sin agus d’fhéadfadh sí greamáin a bhfuil dathanna difriúla orthu a sholáthar do na leanaí lena gcaitheamh chun a chur in iúl cé acu is ceadmhach nó nach ceadmhach grianghraif a thógáil díobh. Beidh feidhm ag an toiliú sin freisin má tá an scoil ag tabhairt cuireadh do nuachtán áitiúil chun grianghraif a thógáil de leanaí, cuir i gcás ar a gcéad lá ar scoil riamh nó ar a gcéad lá ar scoil tar éis an tsosa samhraidh.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil, léigh an treoir uainn maidir le grianghraif a thógáil le linn ócáidí scoile.