Ceisteanna Coitianta
An bhfuil comhalta de chuideachta bainistíochta i dteideal liosta iomlán de na comhaltaí cláraithe uile den chuideachta bainistíochta a fháil?
Faoi alt 169 d’Acht na gCuideachtaí, 2014, arna leasú, ceanglaítear ar gach cuideachta clár de chomhaltaí na cuideachta a choinneáil, rud ina gcuimsítear mionsonraí faoi ainm agus seoladh gach comhalta, i measc nithe eile. Foráiltear leis an Acht nach mór do Chuideachta Bainistíochta Úinéirí clár a choinneáil dá comhaltaí, ar clár é nach mór don chuideachta é a chur ar fáil lena iniúchadh gan mhuirear. De bhreis air sin, foráiltear le halt 216(11) d’Acht na gCuideachtaí, 2014, go bhféadfaidh aon chomhalta cóip den chlár comhaltaí, nó cóip d’aon chuid den chlár comhaltaí, a iarraidh. Ba cheart a thabhairt faoi deara nach bhfuil sé de cheart ag comhaltaí ach chun na sonraí comhaltaí atá sa chlár a rochtain agus nach bhfuil sé de cheart acu aon sonraí eile a rochtain.
Is féidir go mbeidh fonn ar na stiúrthóirí de chuid Cuideachta Bainistíochta Úinéirí freisin breithniú a dhéanamh ar choimircí go bhfuil aon iarraidh den sórt sin ar liosta de na comhaltaí cláraithe uile den Chuideachta Bainistíochta Úinéirí le bheith de mheon macánta agus gurb amhlaidh, má tá tuilleadh próiseála le déanamh ar shonraí pearsanta na gcomhaltaí cláraithe ar bhealach ar bith, nár cheart é sin a dhéanamh ach amháin le haghaidh cuspóir dleathach riachtanach agus ar aon dul leis na prionsabail cosanta sonraí a leagtar amach faoi Airteagal 5 den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS).
Ós rud é go bhfuil bunús reachtúil sonrach ann do na sonraí sin a sholáthar sna himthosca sonraithe sin, ní thagann aon saincheist cosanta sonraí chun cinn. Is faoi Airteagal 6(1)(c) RGCS atá bunús dleathach an rialaitheora sonraí do shonraí pearsanta a phróiseáil ar an mbealach sin. Foráiltear leis sin don phróiseáil dhleathach sonraí pearsanta i gcás gur gá an phróiseáil a dhéanamh chun oibleagáid dhlíthiúil a bhfuil an rialaitheoir sonraí faoina réir a chomhlíonadh.