Ceisteanna Coitianta
An bhféadfaidh cuideachtaí bainistíochta mionsonraí na n-úinéirí réadmhaoine sin/na gcomhaltaí sin nár íoc muirir sheirbhíse a nochtadh do na comhaltaí uile?
Ceanglaítear ar Chuideachta Bainistíochta Úinéirí le halt 18 den Acht um Fhorbairtí Ilaonad, 2011, scéim a bhunú agus a chothabháil chun muirir seirbhíse a comhaltaí uile a bhailiú. Is é atá i bhfaisnéis amhail íoc muirear seirbhíse arna fáil le linn scéim den sórt sin a oibriú ná sonraí pearsanta na ndaoine aonair lena mbaineann agus, mar sin de, ní mór an fhaisnéis sin a phróiseáil de réir an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) agus de réir an Achta um Chosaint Sonraí, 2018. Ar aon dul le prionsabail an teorannaithe de réir cuspóra, níor cheart aon mhionsonraí íocaíochta muirir seirbhíse arna mbailiú a úsáid ach amháin chun an chuspóra fhollasaigh sin agus níor cheart tuilleadh próiseála a dhéanamh orthu ar bhealach nach bhfuil comhoiriúnach leis na cuspóirí sin.
Dá nochtfaí roinnt, nó gach ceann, de mhionsonraí íocaíochta muirir seirbhíse na gcomhaltaí do na comhaltaí uile de Chuideachta Bainistíochta Úinéirí (amhail ag cruinniú cinn bliana nó trí iad a phostáil timpeall na réadmhaoine), ba dhóigh gurbh ionann é sin agus tuilleadh próiseála sonraí pearsanta nach bhfuil ag teacht leis an gcuspóir bunaidh. Cheal thoiliú an duine aonair lena mbaineann, ní dóigh go mbeidh bunús dleathach bailí ann do mhionsonraí íocaíochta muirir seirbhíse a nochtadh (ganníocaíochtaí san áireamh) do gach comhalta/roinnt comhaltaí den Chuideachta Bainistíochta Úinéirí. Ní dóigh ach oiread go bhféadfaidh Cuideachta Bainistíochta Úinéirí brath ar leas dlisteanach chun mionsonraí muirir seirbhíse a nochtadh dá comhaltaí uile.
Foráiltear le halt 22 den Acht um Fhorbairtí Ilaonad, 2011, do mhuirir seirbhíse nár íocadh a ghnóthú. Leis sin, tugtar bunús dlisteanach do Chuideachta Bainistíochta Úinéirí sonraí pearsanta a bhaineann le neamhíoc muirear seirbhíse a phróiseáil nuair is gá agus is comhréireach i bpróiseas gnóthaithe fiach, trí ghníomhaireacht bailithe fiach nó sa chúirt.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil, léigh an treoir uainn maidir le ceisteanna cosanta sonraí i ndáil le forbairtí ilaonad agus le cuideachtaí bainistíochta úinéirí.