Ceisteanna Coitianta
An gcumhdaítear mo ghnólacht leis an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS)?
Más rud é go ndéanann tú gníomhaíochtaí próiseála le sonraí pearsanta go páirteach nó go hiomlán trí mhodhanna uathoibrithe, nó go ndéileálann tú le sonraí pearsanta atá ina gcuid (nó atá beartaithe a bheith ina gcuid) de chóras comhdúcháin, agus go ndéanann tú na gníomhaíochtaí próiseála sin i gcomhthéacs bunaíocht de chuid do ghnólachta laistigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE), beidh tusa, mar rialaitheoir sonraí, faoi réir an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS), beag beann ar cé acu a chuirtear an phróiseáil ar siúl in LEE nó nach gcuirtear.
Is féidir freisin go mbeidh tú faoi réir RGCS, fiú mura bhfuil bunaíocht agat laistigh de LEE, má dhéanann tú gníomhaíochtaí díriúcháin ar ábhair sonraí atá laistigh de LEE. Cuimsíonn gníomhaíochtaí díriúcháin earraí nó seirbhísí a thairiscint d’ábhair sonraí (is cuma an gá don ábhar sonraí íocaíocht a dhéanamh) nó faireachán a dhéanamh ar a n-iompraíocht. Mar shampla, is féidir go mbeidh gnólacht nach bhfuil bunaithe ach i dTuaisceart Éireann amháin agus a sholáthraíonn seirbhísí trasteorann do chuardaitheoirí poist ag tairiscint seirbhísí do chuardaitheoirí poist sa Phoblacht agus, dá bhrí sin, is féidir go mbeidh sé faoi réir RGCS.