Ceisteanna Coitianta
Conas a dhéanaim beartas príobháideachta?
Is é is fógra cosanta sonraí (dá ngairtear “beartas príobháideachta” freisin) ann ná uirlis cuntasachta lena gcabhraítear le rialaitheoir sonraí a thaispeáint go bhfuil sé ag comhlíonadh an dlí um chosaint sonraí, go háirithe i ndáil leis na hoibleagáidí atá air faoi phrionsabal na trédhearcachta (Airteagail 12 go 14 den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS)) agus comhlíonadh a dhéanamh ar an gceart atá ag ábhair sonraí chun faisnéis áirithe a fháil i ndáil le hoibríochtaí próiseála an rialaitheora sonraí. Is é atá i gcur chuige ginearálta an Choimisiúin um Chosaint Sonraí (an Coimisiún) i ndáil le beartais phríobháideachta ná gur cheart iad a bheith ag teacht le scrúdú mionsonraithe ar an dóigh a bpróiseálann eagraíocht sonraí pearsanta agus ar an dóigh a gcuirtear an dlí um chosaint sonraí i bhfeidhm maidir leis na cleachtais sin. Ba cheart an beartas príobháideachta a bheith ina dhoiciméad dinimiciúil, a athbhreithnítear agus a nuashonraítear ar bhonn tráthrialta chun athruithe sa dóigh a bpróiseálann an eagraíocht sonraí pearsanta a léiriú.
Ar an gcéad dul síos, agus de réir cur chuige feidhmiúil, ba cheart do rialaitheoir sonraí a ghnólacht agus na gníomhaíochtaí ina ndéileálann sé le sonraí pearsanta a mheasúnú go cúramach, á chinntiú go mbeidh an fógra cosanta sonraí ag teacht lena bhfuil ina oibríochtaí próiseála dáiríre. A luaithe a bheidh gach oibríocht próiseála sonraí pioctha amach ag rialaitheoir sonraí, beidh air bailiú a dhéanamh ar an bhfaisnéis ar fad faoi na hoibríochtaí a gceanglaítear air í a sholáthar d’ábhair sonraí leis an dlí um chosaint sonraí, lena n-áirítear críoch na próiseála, faighteoirí na sonraí pearsanta, an tréimhse choinneála, agus mar sin de.
Ina dhiaidh sin, ba cheart do rialaitheoir sonraí breithniú a dhéanamh ar na catagóirí ábhar sonraí nach mór dó an fhaisnéis a sholáthar dóibh, chun an fógra cosanta sonraí a dhréachtú i dteanga chuí. Sula gcuirfidh sé fógra cosanta sonraí ar fáil, ba cheart don rialaitheoir sonraí a sheiceáil ar cheart nó nár cheart faisnéis áirithe a fhágáil ar lár de réir díolúintí nó maoluithe is infheidhme ar chearta cosanta sonraí.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil, léigh an treoir mhionsonraithe uainn maidir le prionsabail um chosaint sonraí.
Chun cabhrú le heagraíochtaí aon bhearnaí ina gcleachtais cosanta sonraí a shainaithint, tá Seicliosta Féinmheasúnaithe um Chosaint Sonraí ag an gCoimisiún.