Ceisteanna Coitianta
Cá fhad ba cheart sonraí pearsanta a shealbhú chun na hoibleagáidí a fhorchuirtear leis an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) a chomhlíonadh?
Tá oibleagáid ar rialaitheoirí sonraí sonraí pearsanta a phróiseáil de réir phrionsabal an teorannaithe stórála, a fhágann go gcoinneofar sonraí pearsanta i bhfoirm lena gceadaítear na hábhair sonraí a shainaithint go ceann tréimhse nach faide ná mar is gá chun na gcríoch sin ar chucu a dhéantar na sonraí pearsanta a phróiseáil. Más rud é go bhfuil an chríoch ar chuici a fuarthas an fhaisnéis tagtha chun deiridh agus nach bhfuil an fhaisnéis phearsanta ag teastáil a thuilleadh, ní mór na sonraí a scriosadh, nó ní mór fáil réidh leo, ar bhealach slán.
Ní leagtar síos leis an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) tréimhsí coinneála sonracha le haghaidh cineálacha difriúla sonraí. Dá bhrí sin, ní mór d’eagraíochtaí aird a thabhairt ar aon oibleagáidí reachtúla a fhorchuirtear orthu mar rialaitheoir sonraí le linn dóibh tréimhsí coinneála cuí a chinneadh.
Dá bhrí sin, beidh an tréimhse choinneála iarbhír ag brath ar na críocha ar chucu a phróiseálann rialaitheoir sonraí sonraí pearsanta. Mar shampla, más rud é nach bhfuil sna críocha ar chucu atáthar ag próiseáil na sonraí pearsanta ach ábhair sonraí a shainaithint chun rochtain a thabhairt dóibh ar chuntas ar líne, ba cheart na sonraí pearsanta arna mbailiú le haghaidh na sainaitheanta a léirscriosadh lom láithreach tar éis rochtain bhailí a bheith faighte. Os a choinne sin, más i gcomhthéacs éileamh dlíthiúil a ullmhú atáthar ag déileáil le sonraí pearsanta, féadfar tréimhse stórála na sonraí pearsanta sin, agus ba cheart tréimhse stórála dhlisteanach na sonraí pearsanta sin, a mhaireachtáil ar feadh tréimhse atá ag brath ar an institiúid agus ar éabhlóid na n-imeachtaí dlíthiúla ina dhiaidh sin. Ní fhéadfar coinneáil le haghaidh tuilleadh próiseála a cheadú ach amháin má tá críoch an tuillidh próiseála sin comhoiriúnach leis an gcríoch thosaigh.