Ceisteanna Coitianta
An bhféadfaidh mé “néalseirbhís” a úsáid chun mo shonraí a phróiseáil?
Má chinneann tú soláthraí seachtrach néalseirbhíse (an “soláthraí”) a fhostú, chun doiciméid, grianghraif, físeáin agus comhaid eile a uaslódáil agus a stóráil ar chianfhreastalaí (“néalseirbhís”), mar shampla, d’fhéadfadh do chaidreamh leis an soláthraí a bheith ina chaidreamh rialaithe chomhpháirtigh, ina chaidreamh idir rialaitheoir agus próiseálaí nó ina chaidreamh rialaithe chomhpháirtigh agus ina chaidreamh idir rialaitheoir agus próiseálaí araon. Chun teagmháil a dhéanamh leis an soláthraí de réir an dlí um chosaint sonraí, tá sé tábhachtach a sheiceáil cén caidreamh atá agat leis an bpróiseálaí le haghaidh gach oibríochta próiseála nó le haghaidh gach grúpa oibríochtaí atá sé beartaithe agat a dhéanamh i bpáirt leo, toisc go dtagann oibleagáidí difriúla agus dliteanais dhifriúla as gach caidreamh ar leith a bheith ann.
Nuair is léir gur tusa an “rialaitheoir sonraí” i ndáil le hoibríochtaí próiseála áirithe, is mar “phróiseálaí sonraí” a bheidh an soláthraí ag próiseáil na sonraí thar do cheann. Tá oibleagáid ort ansin a chinntiú go dtugann an soláthraí atá fostaithe agat ráthaíochtaí leordhóthanacha chun bearta teicniúla agus eagraíochtúla cuí a chur chun feidhme agus nach bpróiseálfaidh an próiseálaí sonraí na sonraí ach amháin de réir do threoracha agus de réir Airteagal 28(3) den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS). Ní mór duit dul isteach i gcomhaontú i scríbhinn atá ina cheangal dlí, agus mionsonraí na ról, na bhfreagrachtaí agus na n-oibleagáidí faoi seach á leagan amach. Má tá an “néalsoláthraí” ag stóráil do shonraí lasmuigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, ní mór duit bearta breise a dhéanamh chun a chinntiú go mbítear ag cosaint na sonraí. Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, go ndeimhneofá cén áit go díreach agus cén dóigh go díreach a láimhseálfar na sonraí a sholáthraíonn tú do néalsoláthraí.
Más rud é, áfach, go bhfuil an caidreamh ina chaidreamh rialaithe chomhpháirtigh, is oraibhse a bheidh freagracht an rialaitheora sonraí faoin dlí um chosaint sonraí, agus beidh oibleagáid oraibh a leagan amach cad iad bhur bhfreagrachtaí faoi seach as comhlíonadh na n-oibleagáidí faoi na dlíthe um chosaint sonraí.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil, léigh an treoir uainn maidir le Cúig Chéim Chun Timpeallachtaí Néalbhunaithe a Dhaingniú. Is féidir leat an treoir uainn d’Eagraíochtaí atá ag Fostú Soláthróirí Néalseirbhísí a léamh freisin.