Ceisteanna Coitianta
Cad is ról an Choimisiúin um Chosaint Sonraí ann?
Is é an Coimisiún um Chosaint Sonraí (an Coimisiún) an t-údarás náisiúnta neamhspleách in Éirinn atá freagrach as seasamh leis an gceart bunúsach atá ag daoine aonair san Aontas Eorpach go dtabharfaí cosaint dá sonraí pearsanta. Dá réir sin, is é an Coimisiún an t-údarás maoirseachta in Éirinn atá freagrach as faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS). Tá feidhmeanna agus cumhachtaí aige freisin i dtaca le creataí rialála eile, lena n-áirítear Rialacháin na hÉireann maidir le Príobháideachas agus Cumarsáid Leictreonach (2011) agus an Treoir ón Aontas Eorpach maidir le Cosaint Sonraí i réimse Fhorfheidhmiú an Dlí.
Tá cumhachtaí, dualgais agus feidhmeanna reachtúla an Choimisiúin mar atá leagtha síos san Acht um Chosaint Sonraí, 2018, rud lena dtugtar tuilleadh éifeachta do RGCS agus lena dtrasuitear an Treoir maidir le Cosaint Sonraí i réimse Fhorfheidhmiú an Dlí i ndlí na hÉireann. Is é misean an Choimisiúin cearta cosanta sonraí a chosaint ach comhlíonadh a bhrú chun cinn trí threoir, maoirseacht agus forfheidhmiú.
Chomh maith leis sin, déileálann an Coimisiún le gearáin thar ceann daoine aonair a bhfuil imní orthu gur próiseáladh a sonraí pearsanta ar bhealach atá ina shárú ar an dlí um chosaint sonraí. Trí dhul chun cinn a dhéanamh ar na hábhair imní sin tríd an bpróiseas láimhseála gearán, féachann an Coimisiún le cearta daoine aonair a chosaint agus lena chruthú go bhfuil údar leo.
Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara, áfach, nach bhfeidhmíonn an Coimisiún do chearta cosanta sonraí thar do cheann. Tá sé faoi dhaoine aonair a gcearta cosanta sonraí féin a fheidhmiú ar an gcéad dul síos. Má thagann saincheist chun cinn, féadfar aird an Choimisiúin a tharraingt ar an ní ansin. Ina theannta sin, níl de chumhacht ag an gCoimisiún cúiteamh a dhámhachtain.