Ceisteanna Coitianta
Cad is gá dom a dhéanamh sula ndéanaim gearán leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí?
Sula ndéanann tú gearán leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí (an Coimisiún), moltar duit teagmháil a dhéanamh leis an rialaitheoir sonraí agus d’ábhair imní maidir le cosaint sonraí a leagan amach i scríbhinn. Moltar duit freisin freagra i scríbhinn ón rialaitheoir sonraí a iarraidh. Is é an chúis leis sin ná gurb amhlaidh, ó thaithí an Choimisiúin, is minic is féidir nithe a réiteach idir an duine aonair agus an rialaitheoir sonraí nuair a chuirtear an ní in iúl don rialaitheoir sonraí den chéad uair. Fágann sé sin go bhfuil seans ann nach dteastóidh cabhair an Choimisiúin uait ar chor ar bith.
Is gnách go mbíonn beartais phríobháideachta ar fáil ar a suíomh Gréasáin féin ag rialaitheoirí sonraí agus is féidir go mbeidh tú in ann mionsonraí teagmhála an Oifigigh Cosanta Sonraí a aimsiú ansin, má tá Oifigeach Cosanta Sonraí ceaptha. Mura bhfuil aon Oifigeach Cosanta Sonraí ann sna heagraíochtaí (agus níl oibleagáid ar gach eagraíocht Oifigeach Cosanta Sonraí a cheapadh), táthar ag súil go gcuimseofar sa bheartas príobháideachta seoladh ríomhphoist ar féidir ceisteanna nó ábhair imní maidir le cosaint sonraí a chur chuige.
Más rud é go bhfuil tú míshásta fós leis na freagraí ón rialaitheoir sonraí agus nár réitíodh an ní, is féidir go mbeidh fonn ort ag an gcéim sin teagmháil a dhéanamh leis an gCoimisiún.