Ceisteanna Coitianta
Cad é an bonn do ghearán bailí a dhéanamh leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí?
Tá na critéir le haghaidh gearán bailí a dhéanamh leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí (an Coimisiún) leagtha amach faoi Airteagal 77 den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS). Sonraítear ansin go bhféadfaidh duine aonair gearán a dhéanamh má mheasann sé/sí go ‘sáraíonn an phróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi an Rialachán seo’. Dá bhrí sin, is amhlaidh, chun go mbeidh gearán bailí, is gá go bhfuil do shonraí pearsanta á bpróiseáil ar an gcéad dul síos agus is gá go bhfuil an phróiseáil sin ag sárú cuid éigin den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí.
Sainmhínítear faoi Airteagal 4(2) RGCS cad is ‘próiseáil’ sonraí ann. Go bunúsach, is gá go bhfuil an rialaitheoir sonraí (an t-eintiteas atá ag próiseáil do shonraí) ag déanamh rud éigin le do shonraí pearsanta, amhail do shonraí a bhailiú, a stóráil nó a athrú nó iad a nochtadh do dhuine/eintiteas eile. Má tá an phróiseáil sin á déanamh ar bhealach atá ag sárú ceann amháin nó níos mó d’fhorálacha RGCS, nó má tá imní ort go bhfuil an phróiseáil á déanamh ar an mbealach sin, is féidir go mbeidh fonn ort teagmháil a dhéanamh leis an gCoimisiún maidir leis an ábhar imní sin chun a fháil amach an bhfuil gearán bailí agat nó nach bhfuil.
Tabhair faoi deara nach bhfuil aon ghearán bailí ann mura bhfuil do shonraí á bpróiseáil ag an rialaitheoir sonraí.