Ceisteanna Coitianta
Cé na cumhachtaí atá ag an gCoimisinéir Cosanta Sonraí?
Tá raon leathan cumhachtaí ag an gCoimisinéir Cosanta Sonraí chun na cearta cosanta sonraí atá ag daoine aonair a fhorfheidhmiú agus chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na n-oibleagáidí cosanta sonraí atá ar rialaitheoirí sonraí agus ar phróiseálaithe sonraí.
- Tá cumhachtaí imscrúdaitheacha ag an gCoimisinéir chun a shuí cé acu a rinneadh sárú nó nach ndearnadh, chun iniúchtaí cosanta sonraí a dhéanamh agus chun a ordú go soláthrófaí faisnéis nó go dtabharfaí rochtain ar fhaisnéis.
- Tá cumhachtaí ceartaitheacha ag an gCoimisinéir freisin chun rialaitheoirí agus próiseálaithe a chur i gcomhréir, amhail rabhaidh agus iomarduithe a eisiúint agus fíneálacha riaracháin a fhorchur.
- Tá cumhachtaí comhairleacha ag an gCoimisinéir i ndáil le rialaitheoirí sonraí, amhail comhairle a chur ar rialaitheoirí de réir an nós imeachta réamhchomhairliúcháin tar éis measúnú tionchair ar chosaint sonraí i gcás go mbeadh an phróiseáil mar chúis le hardriosca mura ndéanfaí bearta maolaitheacha.
Tá cumhachtaí comhairleacha i ndáil le hábhair sonraí freisin ag an gCoimisinéir, amhail tuairimí a eisiúint chuig an bpobal i gcoitinne ar aon saincheist a bhaineann le sonraí pearsanta a chosaint.