Ceisteanna Coitianta
Cad is údarás inniúil ann faoin Treoir maidir le Cosaint Sonraí i réimse Fhorfheidhmiú an Dlí?
Faoin Treoir maidir le Cosaint Sonraí i réimse Fhorfheidhmiú an Dlí, féadfaidh údarás inniúil a bheith ina chomhlacht poiblí nó príobháideach a bhfuil cumhachtaí aige chun nithe coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh.
Mar shampla, meastar an Garda Síochána a bheith ina údarás inniúil faoin Treoir maidir le Cosaint Sonraí i réimse Fhorfheidhmiú an Dlí toisc gur comhlacht poiblí é a bhfuil baint aige le cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh.
Áirítear le húdaráis inniúla eile oibritheoirí iompair phoiblí (Bus Átha Cliath agus Luas, mar shampla) nuair atá siad ag próiseáil sonraí pearsanta a bhaineann le fíneálacha ticéid/pionóis agus údaráis áitiúla (comhairlí cathrach agus comhairlí contae, mar shampla) nuair atá siad ag próiseáil sonraí a bhaineann le fíneálacha páirceála nó bruscair.