Ceisteanna Coitianta
Cad is sonraí pearsanta ann?
Sainmhínítear “sonraí pearsanta” mar a leanas faoi Airteagal 4(1) den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS):
“aon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha sainaitheanta nó in-sainaitheanta (‘ábhar sonraí’); is é is duine nádúrtha in-sainaitheanta ann duine is féidir a shainaithint, go díreach nó go hindíreach, go háirithe trí thagairt a dhéanamh d'aitheantóir amhail ainm, uimhir aitheantais, sonraí suímh, aitheantóir ar líne nó ceann amháin nó níos mó de thosca a bhaineann go sonrach le céannacht fhisiceach, fhiseolaíoch, ghéiniteach, mheabhrach, eacnamaíoch, chultúrtha nó shóisialta an duine nádúrtha sin”
Coincheap leathan is ea cad is sonraí pearsanta ann ach cumhdaítear leis faisnéis a bhaineann le daoine aonair, amhail ainm, seoladh nó taifid sláinte an duine. In amanna, áfach, níl sé soiléir an sonraí pearsanta dáiríre iad na sonraí nó nach ea agus, má tá sé sin amhlaidh, ní mór measúnú de réir cáis a dhéanamh ar cé acu a d’fhéadfaí nó nach bhféadfaí na sonraí a mheas a bheith ina sonraí pearsanta.
Má tá na sonraí anaithnidithe go hiomlán, ní bheidh feidhm ag RGCS. Meastar sonraí a bheith ‘anaithnidithe’ i gcás nach mbeidh daoine aonair in-sainaitheanta a thuilleadh. Má tá na sonraí ‘bréagainmnithe’, measfar iad a bheith ina sonraí pearsanta fós. Le haghaidh tuilleadh faisnéise, íoslódáil an nóta treorach iomlán maidir le hanaithnidiú agus le bréagainmniú.