Ceisteanna Coitianta
Cad is sonraí catagóire speisialta ann?
Leis an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS), tugtar cosaint bhreise do chatagóirí áirithe sonraí pearsanta, dá ngairtear “sonraí catagóire speisialta”, faoi Airteagal 9 RGCS. Is ionann sonraí catagóire speisialta agus sonraí lena léirítear:
“Tionscnamh ciníoch nó eitneach, tuairimí polaitiúla, creideamh reiligiúnach nó fealsúnach, nó ballraíocht i gceardchumann, agus próiseáil sonraí géiniteacha agus sonraí bithmhéadracha chun duine nádúrtha a shainaithint go huathúil, sonraí a bhaineann leis an tsláinte nó sonraí a bhaineann le saol gnéis nó le gnéaschlaonadh duine nádúrtha”.
Ní phróiseálfar na catagóirí sonraí pearsanta sin ach amháin i gcás go bhféadfaidh rialaitheoir leas a bhaint as ceann amháin de na heisceachtaí faoi Airteagal 9(2) RGCS. Áirítear leis na heisceachtaí sin toiliú sainráite, eisceachtaí ar bhonn dhlí na fostaíochta nó na cosanta sóisialta agus próiseáil i ndáil leis na cúirteanna agus iad ag gníomhú ina gcáil bhreithiúnach. Féach Airteagal 9(2) le haghaidh liosta iomlán de na heisceachtaí.