Ceisteanna Coitianta
Cad is faisnéis iomarcach ann?
Is é is faisnéis iomarcach ann ná faisnéis/sonraí pearsanta nach n-éilítear chun críche próiseála. Ba cheart d’aon rialaitheoir sonraí a iarrann faisnéis/sonraí pearsanta ó ábhar sonraí a bheith in ann údar a thabhairt leis na cúiseanna le gach píosa sonraí pearsanta a iarraidh. Dá bhrí sin, is amhlaidh, nuair atáthar ag cur coinne fiaclóra in áirithe, a chaithfidh an fiaclóir ainm agus mionsonraí teagmhála an othair a fháil, mar shampla, ach ní bheadh air/uirthi choíche eolas a bheith aige/aici ar cén cineál cairr a thiomnaíonn an t-othar.