Ceisteanna Coitianta
Cad é an difear idir an Treoir maidir le Cosaint Sonraí i réimse Fhorfheidhmiú an Dlí agus RGCS?
Tá an Treoir maidir le Cosaint Sonraí i réimse Fhorfheidhmiú an Dlí difriúil leis an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) sa mhéid is gur treoir a trasuíodh i ndlí na hÉireann trí bhíthin an Achta um Chosaint Sonraí, 2018, faoi Chuid 5, í an Treoir maidir le Cosaint Sonraí i réimse Fhorfheidhmiú an Dlí. Tabhair faoi deara freisin go bhforáiltear le Cuid 6 den Acht um Chosaint Sonraí, 2018, don Treoir maidir le Cosaint Sonraí i réimse Fhorfheidhmiú an Dlí agus RGCS araon a fhorfheidhmiú.
Tá feidhm ag an Treoir maidir le Cosaint Sonraí i réimse Fhorfheidhmiú an Dlí maidir le sonraí pearsanta a phróiseálann eagraíochtaí (a mheastar a bheith ina ‘n-údaráis inniúla’) chun críocha forfheidhmithe dlí. Áirítear leis na críocha ar chucu a dhéantar próiseáil sonraí den sórt sin cionta coiriúla a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh, nó pionóis choiriúla a fhorghníomhú.
Tá an Treoir maidir le Cosaint Sonraí i réimse Fhorfheidhmiú an Dlí difriúil le RGCS freisin i ndáil le cearta cosanta sonraí an duine aonair (an ceart rochtana, etc.). Leis an Treoir maidir le Cosaint Sonraí i réimse Fhorfheidhmiú an Dlí, cuirtear ar chumas eagraíochtaí srianta níos mó a chur ar chearta cosanta sonraí aon duine aonair chun dochar nó bac a sheachaint in imeachtaí dlíthiúla féideartha agus chun saoirsí agus an tslándáil náisiúnta a chosaint.