Ceisteanna Coitianta
Cad é an difear idir Saoráil Faisnéise agus Cosaint Sonraí?
Is é an phríomhfheidhm atá ag Saoráil Faisnéise ná an pobal a chumasú chun rochtain a bheith aige ar fhaisnéis a n-úsáideann nó a dtáirgeann comhlachtaí poiblí iad nó atá i seilbh comhlachtaí poiblí. Is é Oifig an Choimisinéara Faisnéise an rialálaí saorála faisnéise agus féadfaidh sí faisnéis agus treoir chuí a sholáthar maidir le saoráil faisnéise. Ní fhéadfaidh an Coimisiún um Chosaint Sonraí cabhair a thabhairt do dhaoine aonair maidir le hiarrataí saorála faisnéise.
Tá saoráil faisnéise cosúil le cosaint sonraí, agus forluíonn saoráil faisnéise ar chosaint sonraí, ar roinnt bealaí, toisc go dtugtar an ceart do dhaoine aonair léi chun faisnéis, lena n-áirítear a sonraí pearsanta, a rochtain agus chun earráidí a cheartú. Tá difríochtaí tábhachtacha ann idir an dlí um shaoráil faisnéise agus an dlí um chosaint sonraí, áfach. Áirítear leo sin na daoine agus na heagraíochtaí a bhfuil feidhm acu maidir leo, na cineálacha faisnéise lena mbaineann agus na dóigheanna a bhféadfaidh daoine aonair a gcearta a fheidhmiú.
Níl feidhm ag saoráil faisnéise ach amháin maidir le ‘comhlachtaí saorála faisnéise’, a n-áirítear leo comhlachtaí poiblí amhail Ranna Rialtais, Gníomhaireachtaí Stáit agus eagraíochtaí áirithe eile a chomhlíonann feidhmeanna poiblí. I gcodarsnacht leis sin, tá feidhm ag an dlí um chosaint sonraí maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil ar fud na hearnála poiblí, na hearnála príobháidí, na hearnála deonaí agus na hearnála carthanas.
Tá feidhm ag saoráil faisnéise maidir le raon leathan taifead ar féidir go n-áireofar leo faisnéis – amhail staitisticí, fardail nó taifid ar bhreitheanna – nach gcuimsítear aon sonraí pearsanta iontu. Ní bhaineann cosaint sonraí ach amháin le sonraí pearsanta an duine é/í féin.
Tá rialacha sonracha ann lena rialaítear conas a fhéadfaidh daoine aonair a gcearta saorála faisnéise a fheidhmiú agus conas nach mór do chomhlachtaí poiblí freagairt.
Ós rud é go rialaítear saoráil faisnéise agus cosaint sonraí le córais reachtacha dhifriúla, b’fhearr, i gcás go bhfuil aon duine aonair ag déanamh teagmháil le heagraíocht le haghaidh faisnéise nó le haghaidh a s(h)onraí pearsanta féin, go sonródh sé/sí cén reachtaíocht a bhfuil sé/sí ag brath uirthi agus a (h)iarraidh á déanamh aige/aici.