Ceisteanna Coitianta
Cad is an díolúine tís ann?
Níl feidhm ag an dlí um chosaint sonraí maidir le próiseáil sonraí pearsanta i gcás go gcoinníonn duine aonair na sonraí pearsanta agus nach mbaineann na sonraí pearsanta ach amháin le bainistíocht a g(h)nóthaí pearsanta, teaghlaigh nó tís nó i gcás go gcoinníonn duine aonair na sonraí pearsanta chun críocha áineasa (Airteagal 2(2)(c) den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS)). Tá feidhm aige sin chomh fada agus nach n-úsáidtear na sonraí pearsanta i ndáil le gníomhaíocht ghairmiúil nó tráchtála nó nach gcuirtear ar fáil iad don phobal.
Le haghaidh tuilleadh faisnéise faoin topaic, féach an treoir seo a leanas maidir leis an topaic seo: