Ceisteanna Coitianta
An bhfuil mo thoiliú ag teastáil chun go bhféadfar mo shonraí a phróiseáil?
Ar an drochuair, níl ann ach miotas nach mór do rialaitheoirí sonraí toiliú a fháil le haghaidh GACH críche próiseála agus ba chúis í sin le mearbhall agus imní a bheith ar líon ard ábhar sonraí.
Mar shampla, más rud é nach bhfuil ábhar sonraí ag iarraidh dul chuig dochtúir ar leith a thuilleadh, is féidir go mbeidh fonn air/uirthi go léirscriosfaí a t(h)aifid liachta. Mar gheall ar an ardriosca a bhaineann le gníomh beartaithe den sórt sin, áfach, ní mór don dochtúir (rialaitheoir sonraí) na taifid a choinneáil ar aon dul lena b(h)eartas coinneála atá measartha meáite. Mar sin féin, féadfaidh an dochtúir na taifid a aistriú chuig dochtúir nua arna iarraidh sin ag an ábhar sonraí.
Sampla eile is ea cás ina ndéanann an t-ábhar sonraí teagmháil le rialaitheoir sonraí chun seirbhís a fháil. Is féidir go mbeidh an rialaitheoir sonraí tar éis dul isteach i gcomhaontú le próiseálaí sonraí ina soláthraíonn an próiseálaí sonraí an tseirbhís go díreach don ábhar sonraí. Sa chás sin, ní gá don rialaitheoir sonraí toiliú an ábhair sonraí a iarraidh chun na sonraí pearsanta a phróiseáil sa tslí sin. Mar sin féin, ba cheart dó/di bheith trédhearcach leis an ábhar sonraí agus eolas a thabhairt don ábhar sonraí faoi cé a bhfuiltear ag comhroinnt a shonraí pearsanta nó a sonraí pearsanta leis agus faoi cén chríoch a bhfuiltear á gcomhroinnt. Ní cheanglaítear ar an ábhar sonraí a t(h)oiliú a thabhairt agus ní fhéadfaidh sé/sí a iarraidh go gcoiscfí an phróiseáil sonraí. Mar shampla, féadfaidh rialaitheoir sonraí gnólacht bailithe fiach a fhostú chun airgead atá ag an ábhar sonraí air/uirthi a fhorchúiteamh.